Dáil debates

Tuesday, 8 July 2025

Planning and Development (Amendment) Bill 2025: Second Stage

 

5:55 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

This Bill is not as earth-shattering as was presented and may in fact not even deliver any new homes especially given the Minister's announcement at the weekend of new dog-box sizes. Very few developers will turn down the extra golden eggs laid by the Government for them and will start all over again. They will modify their plans rather than go ahead with plans and look for an extension as predicted in this, if they have been caught up in a judicial review. For years there has been a blame game about judicial reviews. Judicial review is quite an expensive thing for any residents' association to undertake, costing €50,000 at least. Most judicial reviews have been won on the basis of material contraventions of development plans. County and city development plans are one of the few democratic functions where elected councillors retain full power despite the fact that over the years many Ministers in this House and developers in particular would prefer the councillors not to have that power. I do not oppose the Bill because there is a logic to it, but I do not see it having the effect the Minister expects.

One of the issues with planning is the question of the Gaeltacht agus na treoirlínte pleanála Gaeltachta. Tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ag titim. Tá ceithre as gach cúig theaghlach Gaeltachta iompaithe ar an mBéarla agus tá an Rialtas ar nós Nero, ag fidleáil fad is atá Gaeltacht na hÉireann i mbaol báis. Tá bánú ar bhun sa Ghaeltacht toisc srianta pleanála agus géarchéim tithíochta agus níl faic a dhéanamh faoi. Gheall an Rialtas treoirlínte pleanála don Ghaeltacht mar réiteach. Sin a dúirt sé. D'aithin an Rialtas na fadhbanna agus gheall sé sin faoi Nollaig na bliana 2021. Theip ar na treoirlínte sin teacht ar an saol. Gheall sé iad arís sa chéad ráithe de 2022, roimh dheireadh 2022, go luath in 2023, i lár 2023, faoi Cháisc 2024 agus i lár 2024. Arís, theip ar an Rialtas. Dúradh ag an am go mbeadh na treoirlínte ag teacht go luath.

Sa bhliain 2022 dúirt an Roinn tithíochta go raibh na treoirlínte críochnaithe acu agus go raibh siad ag fanacht ar Roinn na Gaeltachta. Sa bhliain 2023 dúirt an Roinn sin go raibh na treoirlínte críochnaithe acu agus go raibh siad ag fanacht ar an Roinn tithíochta. Anois tá siad geallta faoi Nollaig na bliana 2025 ag an Aire, an Teachta Calleary, mar Groundhog Day nua, agus ansin beidh scagthástáil le déanamh orthu de réir dlí an Aontais Eorpaigh, agus comhairliúchán poiblí le déanamh ina dhiaidh sin. Bhí deis ann é seo ar fad a dhéanamh anuraidh san Acht um phleanáil agus forbartha nua agus theip air sin chomh maith. Diúltaigh an Rialtas do mholtaí Shinn Féin faoi phleanáil na ceantair Ghaeltachta agus ansin theip orthu an sprioc chéanna faoi phleanáil na ceantair Ghaeltachta a chur i gclár an Rialtais. Anois agus an Bille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) romhainn, níl faic molta sa Bhille faoin nGaeltacht. Tá sé fógartha maidir leis an reachtaíocht molta faoi chíos gearrthéarma - leithéidí Airbnb, atá ag slogadh siar na tithe sa Ghaeltacht - nach mbeidh feidhm ag na rialacha sin sa Ghaeltacht. Leanann an fidleáil ar aghaidh. Tá bréagadóireacht, moilleadóireacht agus neamhaird á dhéanamh ag Fianna Fáil agus Fine Gael ar fhadhb bhunúsach pleanála sa Ghaeltacht agus níl moladh déanta acu sa reachtaíocht atá os ár gcomhair inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.