Dáil debates
Tuesday, 17 June 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Childcare Services
11:00 am
Aindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Tá dúshlán breise ag pobal na Gaeltachta toisc go dteastaíonn uainn ár dteanga a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Is baolach gurb amhlaidh go bhfuil níos lú roghanna againn dá bharr sin. Ní féidir taisteal chomh fada agus níl an rogha céanna ann. Tá muintir Ré na nDoirí ag lorg ionad cúram leanaí a chur ar fáil chun freastal ar dhaoine tar éis scoile. Tá muintir Bhéal Átha an Ghaorthaidh tar éis a bheith ag streachailt le heaspa foirgnimh ar feadh i bhfad, Tá gá le hionad cúram leanaí i mBaile Bhuirne chomh maith. An féidir a chinntiú go mbeidh tacaíocht chuí ar fáil do thuismitheoirí sna pobail seo?
Gaeltacht communities have a particular and added difficulty in ensuring facilities are available through Irish. Can the appropriate support be provided to parents in Béal Átha an Ghaorthaidh, where they have struggled with a building recently? Families in Ré na nDoirí have plans to develop and after-school facility, which is needed in Baile Bhuirne as well.
No comments