Dáil debates
Thursday, 12 June 2025
Fisheries: Statements
8:10 am
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Is é seo an chéad uair atá deis agam comhghairdeas a ghabháil leis an Aire Stáit as a phost agus a ról nua. Guím chuile rath air sa phost seo. Is í an fhírinne ná go dteastaíonn guth fíorláidir uainn. Teastaíonn sé ó na pobail atá ina gcónaí ar an gcósta agus ó na pobail ar fad a bhfuil baint acu leis an iascaireacht. Ní raibh an guth sin acu cheana agus is í sin an fhadhb a bhí ann i gcónaí. Caithfidh muid é sin a athrú. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann é sin a athrú. Tá a fhios agam go mbeidh sé i Ros an Mhíl amárach. Tá togra mór i gceist leis sin agus tá súil agam go mbeidh sé in ann é a bhrú ar aghaidh mar tá sé ag teastáil go géar.
Tá mé anseo chun labhairt ar an suirbhé a rinne mo chomhghleacaithe, na Teachtaí Pádraig Mac Lochlainn agus Conor McGuinness. Léiríonn an suirbhé, i bhfocail na bpobal iad féin, cé chomh deacair is atá sé a bheith ag iascaireacht faoi láthair. Dúirt duine amháin a ghlac páirt sa suirbhé:
I am a fisherman from a fishing family involved in fishing and [fish] processing for over 100 years. I have 4 young children. To steer them towards fishing now would be to stifle them for the rest of their lives. It is frightening to see what bad politics and bad politics alone can do to a once thriving industry.
Is dócha, nuair a bhreathnaíonn tíortha eile ar Éirinn, is é an rud a thagann chun cuimhne i gcónaí ná gur oileán muid. De bharr gur oileán muid, shílfeá go mbeadh muid agus na pobail in ann slí beatha a bhaint amach as an iascaireacht, as an gcósta agus as an bhfarraige sin. Mar gheall ar dhrochchinntí, áfach, ní féidir é sin a dhéanamh a thuilleadh. Dá bharr sin, teastaíonn guth láidir uainn. Nuair a bhreathnaíonn muid ar na figiúirí anseo ón dream a ghlac páirt sa suirbhé, dúirt 93% acu go bhfuil an iascaireacht níos measa anois sa Stát ná mar a bhí sé deich mbliain ó shín. Is rud mór é sin le rá. Tá roinnt acu a dúirt nach gcreideann siad go mbeidh a gcuid páistí in ann í a dhéanamh.
Ag breathnú ar an gcuóta, ní leor é. Feiceann muid go bhfuil na báid mhóra seo ag teacht ón Fhrainc agus ón Spáinn agus gur féidir leo siúd iasc a fháil ón fharraige atá mórthimpeall orainn. Bíonn muid agus an tAontas Eorpach i gcónaí ag caint faoi athrú aeráide. Cé gur rud fíorthábhachtach é sin, ní dhéanann sé ciall ar bith go bhfuil na báid mhóra in ann teacht ón Fhrainc agus an Spáinn. Níl sé sin go maith don athrú aeráide. Tá siad in ann teacht anseo agus na hiasc ar fad sin a thógáil ón fharraige seo ach ní féidir leis na hÉireannaigh.
No comments