Dáil debates

Tuesday, 13 May 2025

Power of Higher Education, Research and Skills as Economic Enablers in a Changing World: Statements

 

5:15 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

B’fhéidir nuair atá rudaí mar seo curtha le chéile nach dtuigeann na Teachtaí cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge i ngach gné den saol; san oideachas ach go háirithe. Is cothaitheoir eacnamaíoch í chomh maith. Is léir nach dtuigeann an maorlathas an tábhacht sin, os rud é gur fhágadh an t-ardoideachas as an bpolasaí oideachais lán-Ghaeilge, mar shampla. Tá neamhaird chomh dona sin á dhéanamh uirthi sa chóras gur fhreagraíodh ceist pharlaiminte de mo chuid le déanaí leis an bhfreagra “Ní choinníonn an Institiúid Oideachais taifead faoi láthair ar líon na mic léinn atá ag staidéar trí mheán na Gaeilge san ardoideachas.” Tá sé sin scannalach.

Maidir leis na staitisticí atá ann, is léir nach bhfuil an Rialtas ach ag ligeann air i dtaobh na daltaí agus an Ghaeilge. Titeann líon na daltaí atá fáil oideachas trí Ghaeilge ó 50,000 ag an mbunleibhéal, go dtí 17,000 ag an dara leibhéal, agus tá titim níos tubaisteach arís go dtí 3,000 ó thaobh mic léinn ag déanamh staidéar ar an nGaeilge nó trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal. Teastaíonn gníomh le hé a dhéanamh níos éasca do mhic léinn ar mhian leo leanúint leis an nGaeilge ag leibhéal na hollscoile, le réimse leathan cúrsaí mealltacha agus an Stát ag obair i dtreo institiúid lán-Ghaeilge nó Gael-ollscoil, le sin a dhéanamh níos éasca dóibh. Tá taighdeoirí, dlíodóirí, innealtóirí, dochtúirí agus státseirbhísigh le Gaeilge de dhíth más mian linn seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus má táimid ag tnúth go sroichimid 20% d’earcaithe sa Státseirbhís bheith inniúlach sa Ghaeilge roimh 2030.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.