Dáil debates
Tuesday, 8 April 2025
An tOrd Gnó - Order of Business
3:10 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá mé ag díriú isteach arís ar An gCeathrú Rua i gcroílár na Gaeltachta agus an easpa infreastruchtúr bunúsach atá ann go háirid maidir le hionad séarachais. Níl aon ionad séarachais ann. Tá an scéal seo ag dul ar aghaidh le breis is 25 bliain anois agus tá sé ag cur isteach go tromchúiseach agus go hollmhór ar chúrsaí tithíochta. Bhí cathaoirleach na scoile speisialta i dteagmháil leis na Teachtaí Dála uilig sa cheantar toisc nach féidir leis an scoil leanúint ar aghaidh le dhá sheomra breise atá ag teastáil go géar de bharr easpa séarachais.
Níl aon chothromaíocht ó thaobh cúrsaí tithíochta nó ó thaobh cúrsaí forbartha. Tá sé seo thar a bheith práinneach.
No comments