Dáil debates
Tuesday, 1 April 2025
Support for Householders, Businesses and Farmers Affected by Storm Éowyn: Motion [Private Members]
9:55 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Sinn Féin as an deis cainte a bheith agam maidir leis an rún seo. Tá sé leagtha amach nach bhfuil na figiúirí agus gach rud ann. Gabhaim buíochas leis an Aire as an soiléiriú a thug sé maidir le phase 1 agus go mbeidh sé ag dul ar aghaidh go dtí an 24 Aibreán. Is maith an rud é sin. Is rud é sin a bhí á lorg agam, soiléiriú, agus is maith an rud go bhfuil sé ann.
Is dócha go bhfuilimid go léir buíoch go ndearna an Rialtas rud, gur thug sé airgead agus cabhair. Tuigim é sin. An fhadhb ná an bealach ar thug an Rialtas é. Ní raibh leanúnachas i gceist. Is dócha go n-aontaíonn an tAire. Bhí easpa struchtúir agus easpa leanúnachais ar an talamh. Dhírigh an stoirm, an stoirm ba mheasa fós, spotsolas ar an easpa infreastruchtúir ar an talamh. Tar éis na stoirme, d'fhreastail mé féin agus mo chomhghleacaithe i nGaillimh ar dhá chruinniú mí ó shin. Bhí na Teachtaí John Connolly agus Mairéad Farrell ann. Bhí cruinniú amháin maidir le cúrsaí tithíochta agus ceann eile maidir leis an stoirm. An teachtaireacht ba shoiléire ná go bhfuil daoine ar an talamh sásta chuile chabhair a thabhairt d'aon Rialtas. Bhí siad réasúnta, agus na rudaí a theastaigh uathu ná go mbeadh an chumarsáid níos fearr, go dtabharfaí aitheantas do na grúpaí ar an talamh agus go mbeadh córas i bhfad níos éifeachtaí ann tar éis cibé stoirm atá le teacht.
Fad is atá an t-am agam - ní raibh a fhios agam go mbeadh an méid sin ama agam, ach ní úsáidfidh mé an t-am uilig - fuaireamar litir inniu tar éis an chruinnithe a bhí ann mí ó shin. Dhírigh siad ar sheacht bpointe. Tá na moltaí thar a bheith réasúnta agus soiléir: "Go gcuirfí ar a laghad dhá mhol ar fáil i gceantar Chois Fharraige". Two special mols. Chuala mé an tAire ag caint faoi ghineadóirí, agus luaigh siad freisin "Go gcuirfí gineadóirí ar fáil chun fearais leictreacha a mhuirearú" agus "Go gcuirfí gineadóirí ar fáil chun foinsí uisce a chosaint". Tá sé thar a bheith tábhachtach gur mhol siad "Liosta a chur le chéile díobh siúd go léir a bheadh sásta cabhrú i gcás éigeandála". Tá siad ag rá go bhfuil siad thar a bheith sásta cabhair a thabhairt, ach go mbeadh liosta ann. Bhí plean cumarsáide in easnamh, agus luaigh siad "Plean Cumarsáide chun eolas a roinnt leis an bpobal i gcás nach bhfuil leathanbhanda, leictreachas, trealamh cumarsáide ar fáil". In éileamh Uimh. 6, lorg siad "Go mbeidh pleananna éagsúla ann do thubaistí éagsúla" agus - tá sé seo tábhachtach - go mbeadh pleananna maidir le tubaistí ar nós "tuilte, sneachta, gálaí srl". Dúradh gur cheart go mbeadh "plean ann dá ndéanfaí damáiste don R336" - bóthar thar a bheith tábhachtach agus bóthar atá lochtach amach is amach. Freisin, d'iarr siad "An féidir aonad cosanta sibhialta nó aonad céadfhreagartha a bhunú i gConamara?". Ba mhaith liom cur leis sin gur cheart go mbeidh gineadóirí ar a laghad ar fáil d'ionaid leighis. Bhí glaonna á bhfáil againn ó na dochtúirí éagsúla ar fud Chonamara. Ní raibh cumhacht ar bith acu.
Sin iad na rudaí praiticiúla. Níl na daoine seo ag breathnú ar an rud mar fhadhb - tá siad ag breathnú ar na réitigh. Tá réiteach á chur ar fáil acu agus tá siad ag rá gur mhaith leo obair as lámha a chéile leis an Rialtas, cibé cén Rialtas atá ann, ach plean cuimsitheach agus plean cumarsáide a bheith ann agus cinntí déanta roimh ré. Níor tharla sé sin. Tuigim go raibh an stoirm ollmhór. Bhí wind speeds 183 km/h i gConamara ag Mace Head. Tá a fhios agam go raibh sé deacair, ach tá gá leis seo. I ndeireadh na dála, tá orainn breathnú ar an infreastruchtúr atá ar an talamh. Bhí cruinniú leis an ESB inné. Ní raibh mé ann, ach fuair mé an cur i láthair. Leag sé amach go soiléir na fadhbanna a bhí aige. Thóg sé lá go leith chun rochtain a fháil de bharr cé chomh báite is a bhí an talamh. Leagadh amach na cúiseanna go léir agus cén fáth go raibh moill. Tá ardmholadh tuillte ag an ESB i ndáiríre, ach arís, bhí air foireann ó thar lear a tharraingt isteach agus níl a dhóthain infreastruchtúir ar an talamh. Críochnóidh mé agus mé ag rá gurb é an t-aon rud ag teastáil ná na moltaí ón ngrúpa ar an talamh. Tá an grúpa tar éis na moltaí seo a chur le chéile agus tá siad ag impí orainn, ar an Teachta Connolly agus na Teachtaí eile go mbeadh na moltaí seo san áireamh cibé cén plean a bheidh réitithe ag an gcomhairle contae tar éis an phlean a bheith réitithe ag an Rialtas agus gealltanais. Déanfaidh mé é sin agus seolfaidh mé chuig an Aire é.
No comments