Dáil debates

Tuesday, 1 April 2025

Support for Householders, Businesses and Farmers Affected by Storm Éowyn: Motion [Private Members]

 

9:15 am

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigeann an tAire go maith céard a tharla i nGaillimh agus i gConamara le linn Stoirm Éowyn. Caithfimid dhá rud a dhéanamh. Caithfimid breathnú ar céard atá tar éis tarlú agus ar rudaí atá fós ag dul ar aghaidh. Ar ndóigh, tá a fhios againn go bhfuil deacrachtaí fós ann ó thaobh leathanbhanda agus teileachumarsáide. Dhá mhí tar éis na stoirme seo, tá roinnt daoine fós ann nach bhfuil na rudaí bunúsacha sin acu. Chomh maith leis sin, caithfimid breathnú chun tosaigh. Caithfimid breathnú ar céard gur féidir linn a dhéanamh. Tá a fhios agam ó cheist pharlaiminte a chuir mé isteach gur cuireadh isteach 24,917 iarratas ar HAS agus go bhfuil 9,673 duine tar éis airgead a fháil.

Tá daoine tar éis go leor a chailliúint mar gheall ar an stoirm seo, mar shampla, an teach atá acu, an shed atá acu nó rudaí mar sin. Chomh maith leis sin, mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Kerrane, chaill daoine an bia ar fad a bhí istigh sa chuisneoir agus sa reoiteoir acu. Is fadhb í sin mar coinníonn daoine bia sa reoiteoir nuair nach bhfuil airgead acu nó nuair nach bhfuil siad cinnte cén sórt airgid a bheidh acu i gceann seachtaine nó dhó. Tá daoine tar éis go leor a chailliúint mar gheall air sin. Chomh maith leis sin, bhí go leor daoine i gConamara ag fanacht in óstáin. Bhí ar roinnt acu dul go háiteanna eile agus fanacht lena gcuid gaolta i gceantair eile mar gheall nach raibh tada acu. Caithfimid breathnú air sin.

Iarraim ar an Aire dul i dteagmháil le leithéidí Eir agus Vodafone mar níl siad ag teacht ar ais chugainn mar is ceart. Níl sé sách maith go bhfuil daoine fós gan teileachumarsáid. Caithfimid breathnú chun tosaigh freisin. Bhí cruinniú agam leis an ESB inné maidir leis seo ar fad. Caithfimid breathnú ar liosta na gcustaiméirí leochaileacha. Ceapann daoine go bhfuil siad ar an liosta seo ach níl. Caithfimid a chinntiú go bhfuil ár gcuid gaolta féin ar an liosta seo más rud é go bhfuil sé seo ag teastáil. Chomh maith leis sin, caithfimid a chinntiú go bhfuil ár gcuid comharsana nach bhfuil duine éigin sa chlann acu in ann breathnú air sin ar an liosta. Caithfimid breathnú ar céard a dhéanfaimid leis an liosta sin. An é go bhfuil sé ag an HSE freisin ionas gur féidir leis a chinntiú go bhfuil cúram a thabhairt do na daoine sin? Caithfimid breathnú ar céard a chiallaíonn sé seo níos deireanaí. Tháinig Uisce Éireann ar ais chugam agus dúirt sé go raibh sé ag breathnú ar ghineadóirí i gcomhair áiteanna áirithe ach níl a fhios agam cad atá i gceist aige go díreach. Teastaíonn gineadóirí ag na hionaid sláinte agus don uisce. Ar a laghad, má tá sé sin ann i gceantar, cabhróidh sé amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.