Dáil debates
Thursday, 27 March 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Harbours and Piers
4:10 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Baineann mo cheist le hInis Oírr, an chéibh atá ansin agus an fhorbairt atá beartaithe di. De réir mo thuisceana, tá dul chun cinn déanta, ach ba mhaith liom é sin a chinntiú ar an taifead, mar fuair an fhorbairt seo cead pleanála in 2008 agus tá sé ardaithe go mion minic agam ó toghadh mé ar dtús in 2016. An féidir leis an Aire an dul chun cinn a shoiléiriú dom agus é a chur ar thaifead na Dála?
No comments