Dáil debates
Thursday, 27 March 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Oideachas Gaeltachta
3:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá sé go maith go n-aithníonn an tAire go bhfuil géarghá ann, agus ní hamháin maidir leis an méid a dúirt mé faoi dhaltaí ag teacht amach. Tá dualgas anois ar an Stát a chinntiú go bhfuil 20% dóibh siúd a n-earcófar chuig an Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge. Beidh innealtóirí, banaltraí, dochtúirí lia agus é sin ar fad i gceist. Muna bhfuil na cúrsaí ar fáil, ní bheidh na dochtúirí agus Státseirbhísigh leis an nGaeilge cheart ann amach anseo. Caithfidh an Stát seirbhísí a sholáthar i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta. Beidh níos mó de dhíth amach anseo. Chomh maith leis sin, caithfidh níos mó fógraíochta a bheith as Gaeilge. Ní leor an líon beag cúrsaí atá ann faoi láthair. Caithfidh i bhfad Éireann níos mó a bheith ann. Ní múinteoirí amháin atá i gceist. Tá gach uile chúrsa eile ag teastáil. Caithfidh an tAire, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus na hinstitiúidí tríú leibhéal díriú isteach air sin.
No comments