Dáil debates
Thursday, 27 March 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Oideachas Gaeltachta
2:50 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin, ach níl aon rud nua ann. Tá a fhios againn go bhfuil ag teip go huile is go hiomlán ar an Údarás um Ard-Oideachas líon na gcúrsaí Gaeilge a ardú sna hinstitiúidí seo. Tá an ceart ag an Aire. Tá na hinstitiúidí neamhspleách ach tá siad spleách ag an am céanna. Tá siad ag brath ar an Stát do mhaoiniú. Is féidir leis an Stát, tríd an Údarás um Ard-Oideachas nó trí mhaoiniú, níos mó brú a chur orthu cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do na mic léinn.
10 o’clock
Is é an figiúr atá ann go dtí seo ná go bhfuil 50,000 páistí ag dul trína mbunoideachas iomlán i nGaeilge. Titeann an figiúr go dtí 17,000 ag leibhéal na meánscolaíochta agus 3,000 ag an tríú leibhéal, is é sin, na hollscoileanna agus na hinstitiúidí eile. Is titim ollmhór é sin agus caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi.
No comments