Dáil debates
Thursday, 27 March 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Oideachas Gaeltachta
2:50 am
James Lawless (Kildare North, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh agus leis an gCathaoirleach Gníomhach as ucht na ceiste seo. Freagróidh mé i nGaeilge í, ach ós rud é nach bhfuil mo chuid Gaeilge chomh láidir le Gaeilge an Teachta Ó Snodaigh, rud a bhfuilim ag obair go dian air chun feabhas a chur air, freagróidh mé na ceisteanna forlíontacha i mBéarla agus cuirfidh mé na freagraí ar aghaidh chuig an Teachta i nGaeilge ina dhiaidh sin.
Tá ról tábhachtach ag ár gcóras ardoideachais maidir le tacú le húsáid na Gaeilge agus í a chur chun cinn. Tá freagracht reachtúil ar an Údarás um Ard-Oideachas a chinntiú go gcuireann institiúidí ardoideachais an teanga chun cinn agus go n-úsáideann siad í. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil na hinstitiúidí ardoideachais neamhspleách ina gcuid straitéisí Gaeilge, lena n-airítear soláthar agus leathnú na gcúrsaí ollscoile a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge. Ní choinníonn an tÚdarás um Ard-Oideachas taifead faoi láthair ar líon na mac léinn atá ag staidéar trí mheán na Gaeilge san ardoideachas. Mar sin féin, chuaigh oifigigh i mo Roinn i dteagmháil leis an Údarás um Ard-Oideachas agus dúirt sé go ndéanfar athbhreithniú ar na sonraí atá ar fáil do mhic léinn chun an t-eolas seo a bhailiú. Nuair a bheidh sé seo socraithe, scríobhfaidh m’oifig chuig an Teachta leis an eolas cuí ar lá eile. Suíonn oifigigh mo Roinne ar an gcoiste stiúrtha don pholasaí nua don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, i dteagmháil le hoifigigh ón Roinn Oideachais agus páirtithe leasmhara eile chun an Ghaeilge a chomhordú ar fud an chórais oideachais. Cé go bhfuil na hinstitiúidí ardoideachais neamhspleách, cuireann mo Roinn maoiniú €900,000 ar fáil gach bliain chun tacú-----
No comments