Dáil debates
Wednesday, 26 March 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
1:10 pm
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Mar fhreagra ar an leasú sin, mar gheall go bhfuil na baill sin páirteach agus tofa go dtí an údarás nó an chomhairle áitiúil, beidh taithí acu maidir leis na cúrsaí áitiúla le haghaidh Údarás na Gaeltachta. Tuigim go mór gur rud maith é go mbeidh deis acu agus níl barántas ann go dtoghfar iad mar gheall gur comhairleoirí iad. B'fhéidir gur míbhuntáiste é agus ag éisteacht leis an Teachta Gallagher, ní dhéantar daoine cosúil liom nó leis an Teachta Ó Snodaigh, mar Aire, comhairleoir contae, nó Teachta, mar go bhfuil an lá sin imithe. Tuigim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh deis ag comhairle contae a bheith páirteach freisin.
No comments