Dáil debates
Wednesday, 26 March 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
12:10 pm
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 5:
Ar leathanach 11, idir líne 24 agus líne 25, an méid seo a leanas a chur isteach: “(2D) Chun críocha fho-alt (2C), déanfaidh an tAire, ag féachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, leibhéal B2 a fhorordú mar an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag duine dá dtagraítear san fho-alt sin.
(2E) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2D) maidir le cainteoirí dúchais Gaeilge.”.
Ní mór a léiriú go mbeidh iarrthóirí do na toghcháin in ann feidhmiú trí mheán na Gaelainne agus iad ar bhord an údaráis agus ag déanamh ionadaíochta thar ceann phobal labhartha na Gaeilge agus na gceantar Gaeltachta. Mar sin, táimid ag tacú go hiomlán le moladh an Rialtais a bhí ann istigh i gceannteidil an Bhille go mbeadh coinníoll ar iarrthóirí leibhéal inniúlachta B2 a bheith acu sa Ghaeilge de réir an Chomhchreata Tagartha na hEorpa um Theangacha agus go mbeadh orthu é sin a léiriú sular féidir leo dul in iomaíocht le bheith tofa.
Bhí an coinníoll seo, B2, geallta sa scéim ghinearálta agus i gceannteidil an Bhille. Ba cheart go mbeadh an riachtanas seo ann ach ní fheictear é i mBille an Rialtais atá os ár gcomhair anois. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo curtha síos againn. Ar ndóigh, bheadh eisceacht i gceist do chainteoirí dúchais Gaeilge ón nGaeltacht nach gá dóibh, is dócha, é sin a thaispeáint nó an leibhéal B2 a bhaint amach ach caithfimid a bheith cinnte de go bhfuil cumas na Gaelainne ag pé duine a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar na ceantair Ghaeltachta mar ní hé sin i gcónaí bhí i gceist nuair a bhí daoine ann a bhí ainmnithe ag na comhairlí áitiúla ar fud na tíre. Is rud scannalach é, i ndáiríre, go raibh daoine ar an mbord le blianta anuas nach raibh in ann freastal ar a ndualgais mar chomhaltaí boird trí mheán na Gaeilge, nach raibh tuiscint acu ar na díospóireachtaí a bhí ag dul ar aghaidh agus nach raibh in ann feidhmiú nó ionadaíocht a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge. Is iad sin na leasuithe atá againn, leasú Uimh. 5 agus leasú Uimh. 6, i dtaobh an B2. Chun tagairt a dhéanamh ar leasú Uimh. 6, táimid ag lorg leibhéal B2 nó níos airde sa leasú sin.
No comments