Dáil debates
Wednesday, 26 March 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
11:55 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 4:
Ar leathanach 11, líne 19 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur isteach ina hionad: “ “(2AA) Ceapfaidh comhaltaí an Údaráis cathaoirleach agus leas-chathaoirleach óna measc féin uair sa bhliain, ag déanamh malartú chun a chinntiú nach mbeidh níos mó ná tréimhse amháin mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach le linn téarma amháin ag duine nó daoine a dhéanann ionadaíocht thar ceann an chontae chéanna, agus ag cinntiú gur as contaetha éagsúla iad an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach.”,”.
Tá an leasú seo bunaithe arís ar na moltaí a bhí ag an gcomhchoiste. Seo moladh a seacht sa tsraith sin áit a molann an comhchoiste don Aire go mbeadh cathaoirleach agus leas-chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta ós é gur limistéir fhairsing scoite thar seacht gcontae í an Ghaeltacht agus ós rud é go bhfuil sé an-dúshlánach ar dhuine amháin maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmeanna uile an bhoird thar an limistéir fairsing scoite sin gan chúnamh. Chomh maith leis sin, molann an comhchoiste faoi bhord Údarás na Gaeltachta go mbeadh an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach á thoghadh. Tá an leasú seo ag déanamh cinnte de go mbeadh an bord féin ag déanamh na cinntí maidir leis an gcathaoirleacht agus go mbeadh gá go mbeadh leas-chathaoirleach ainmnithe chun cuidiú a thabhairt don duine a bheadh i gceannas le go bheidís in ann bogadh timpeall.
Tá bord Údarás na Gaeltachta in ainm is a bheith ina chuid den phobal Gaeltachta agus bíonn ról lárnach anseo ag cathaoirleach an bhoird ag labhairt thar ceann an bhoird uilig. Níl muid ag tarraingt siar ó shin. Nuair atá na cathaoirligh ag déanamh sin, tá siad in ainm is a bheith ag labhairt chomh maith thar ceann phobal na Gaeltachta ina iomláine. Tá muidne den tuairim gur chóir go mbeadh an cathaoirleach neamhspleách ar an Aire má tá sé chun a bheith ceaptha meon phobal na Gaeltachta a chur chun cinn, fiú nuair nach réitíonn sé le meon Aire an lae. Ceanglaíonn sé seo isteach beagán leis an bplé deireanach a bhí againn maidir leis an gá go mbeadh na comhaltaí ar fad tofa, agus mar sin níl mé chun athdhearbhú a dhéanamh air sin.
An fáth a rabhamar ag rá sin ná chun go mbeadh an bord féin neamhspleách ón Aire. Sa chás atá leagtha síos ag an Aire sa reachtaíocht os ár gcomhair, tá sé i gceist go mbeadh seisear tofa ach go mbeadh an cathaoirleach ainmnithe ag an Aire féin. Arís, measaim gur ualach breise é nach cóir a mbeadh ann mar nach bhfuil an neamhspleáchas a ghlactar leis de ghnáth maidir le toghcháin agus an daonlathas ann. Tá sé amhail is nach féidir linn muinín nó trusta a bheith againn sa bhord féin an cinneadh sin a dhéanamh é féin agus an duine is fearr don jab a roghnú. Is ar son baill an bhoird sin, ar son na Gaeltachta ina iomláine agus ar son an údaráis, mar sa deireadh thiar thall is comhlacht atá i gceist agus bíonn freagrachtaí ar leith i gceist nuair atá duine ar bhord comhlachta, go mbeadh an cathaoirleach sin tofa, nó tá súil agam go bheidís tofa. Is fiú dúinn smaoineamh go bhféadfadh go mbeadh an tAire ag roghnú an seisear agus ag déanamh cinnte gur as an rogha den seisear sin a bheadh an cathaoirleach ag teacht agus nach mbeadh aon duine amach anseo riamh tofa ina chathaoirleach faoi mar atá an cinneadh leagtha síos anseo ag an Aire.
Caithfear a chinntiú chomh maith nach ag an gceantar is mó i gcónaí a bheadh an cathaoirleach freisin. Ní hé amháin nár chóir go mbeadh an tAire ag déanamh an rogha seo ach caithfimid cinnte a dhéanamh de go mbeadh an deis ag na ceantair Ghaeltachta beaga nó na ceantair Ghaeltachta is iargúlta a bheith sa chathaoir. B'fhéidir go dtabharfadh sé sin tacaíocht do na ceantair sin nó go mbeadh an t-údarás féin dírithe orthu ar feadh na tréimhse gairid nuair atá duine ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach agus go mbeadh an feidhmeannas agus an bord féin dírithe ar na fadhbanna sa cheantar sin.
Ba chóir go mbeadh rud éigin ann nach mbeadh an tAire ag cur a ladar isteach sa scéal seo. Mura bhfuil sé sásta bogadh ar an leasú seo, b’fhéidir gur fiú don tSeirbhís um Cheapacháin Poiblí a bheith gafa leis seo. Caithfidh muid a dhéanamh cinnte go mbeadh na cáilíochtaí cuí acu siúd a bheidh san iomaíocht le go mbeidh siad inniúil ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde ó thaobh cainte agus tuisceana, ar a laghad. Tá sé sin luaite sa leasú. B’fhéidir go mbeadh gá dom leasuithe breise a chur ar Céim na Tuarascála mura bhfuil an tAire sásta féachaint air seo. B’fhéidir gur féidir leis é seo a ghlacadh nó teacht ar ais chugainn le hathraithe a mbeidh an sórt toraidh chéanna ag baint leo, leis an méid atá ráite agam.
No comments