Dáil debates
Wednesday, 26 March 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
11:25 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Dúirt an tAire nach mbeadh an bord neamhspleách dá gceannófaí saineolas isteach, ach ní bheadh an bord neamhspleách mar go mbeadh sé spleách ar an Aire mar eisean a bheadh tar éis seisear den 16 ball a roghnú. Ní fheicim cad atá i gceist ansin.
Ó thaobh na gcuntas de, is cuma cén bord Stáit atá ann - tá sé freagrach don Choiste um Chuntais Phoiblí agus don Aire. Bheadh an smacht ag an Aire gach uile bhliain, mar is eisean an duine atá i gceannas ar an airgead a dháileadh ar an údarás. Má fheictear go bhfuil an t-údarás ag caitheamh airgid amú, is féidir déileáil leis sin. Chomh maith leis sin, tá an t-údarás freagrach don choiste Gaeilge anseo. Tá a lán oversight ag tarlú cheana féin agus is féidir an bord a cheistiú ar na cuntais, an caiteachas agus gach rud eile. An oversight is fearr ná an pobal féin agus bheadh toghchán ann gach cúig bliana. Is é sin an oversight. Má tá an bord ag déanamh praiseach de na cuntais nó den chur chuige ar cóir go mbeadh ag an údarás i gceantar, beidh an gnáthphobal, mar glacaim leis go mbeadh na daoine seo ag teacht ón ngnáthphobal sna ceantair seo, an-tapaidh ag rá leo siúd atá tofa. Ní daoine móra le rá, scartha amach, thuas i mBaile Átha Cliath atá i gceist, is daoine áitiúla iad. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag rá gur cóir go mbeimid ag díriú isteach ar na ceantair Ghaeltachta ar fad.
Luaigh an Teachta Catherine Connolly Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais. D’iarramar ar an tseirbhís taighde a dhéanamh maidir leis na heagrais fhóram náisiúnta a dhéanann ionadaíocht thar ceann ceantar nó grúpaí mionlacha teangeolaíochta agus eitneacha. D’iarramar ar an tseirbhís cad é an sórt údaráis nó comhairle a bhíonn acu sna ceantair sin agus cad é an chomparáid. An bhfuil 16 ball i gceist? Mar shampla, i gComhairle Náisiúnta Navajo, tá 24 comhairleoir tofa ansin. Tá 35 feisire i bParlaimint na Tioróile Theas. Tá 39 feisire i bParlaimint Sámi na hIorua. Mar sin, déanann na feisirí ionadaíocht ar 40,000 duine, beagnach feisire amháin do gach 1,000 duine. Níl sin i gceist againn. Tá na figiúirí leagtha síos againn sa leasú nár glacadh leis. Tá 30 ball i bParlaimint na nOileán Åland don 30,000 duine atá ag cónaí ansin. Tá samplaí timpeall an domhain maidir leis sin. Luaigh an Teachta Catherine Connolly Comhairle Chontae na Gaillimhe. Measaim go bhfuil 56 comhairleoir ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus ní bhíonn aon duine ag caitheamh anuas orthu ag rá nach bhfuil an saineolas ar gá dóibh chun an chathair seo a rith acu, mar tá foireann acu faoin mbainisteoir cathrach ansin a bhfuil an saineolas aige. Ní bhíonn gach uile shaineolas fiú ag an bhfoireann agus bíonn orthu an saineolas sin a lorg, bíodh sé ón Roinn nó áit éigin eile.
Luaigh an Teachta Connolly an 20 moladh a rinne an comhchoiste. Is doiciméad 30 leathanach a bhí i gceist agus tá liosta ann de na finnéithe ar fad. Nílim chun iad ar fad a léamh, ar eagla go bhfuil daoine ag ceapadh go bhfuil mé chun moill a chur ar an reachtaíocht seo. Tháinig na finnéithe ó gach cearn den tír. Tháinig siad chuig an gcomhchoiste nó chuir siad aighneachtaí isteach chugainn, agus tá siad ar fad ar fáil ar líne más gá. Is trua nach raibh an tAire dírithe ar na finnéithe mar dúirt an tromlach acu gurb é sin a bhí i gceist acu.
Luaigh an Teachta Connolly lucht Uíbh Ráthaigh. Rinne siad aighneacht cuíosach láidir ar dtús báire, agus de thairbhe na haighneachta sin agus aitheantas a thabhairt dóibh, thaisteal an coiste go ceantar Uíbh Ráthaigh chun go bhfeicimid díreach cad a bhí i gceist le ceantar Gaeltachta imeallach mar seo agus na deacrachtaí ar leith atá ann agus go gcloisfear a ghuth. Ba léir san aighneacht sin go díreach cad a bhí á rá acu. Ina dtuairim, ní thoghfar duine ó cheantar Uíbh Ráthaigh chuig an údarás riamh mar níl go leor daoine ag cónaí ann agus toisc go bhfuil an ceantar chomh beag sin i gcomparáid le ceantar Chiarraí ina iomláine, agus gurb as ceantar oirthear Chiarraí cosúil le Corca Dhuibhne a bheadh ball an údaráis ag teacht. Tá an rud ceannann céanna fíor ó thaobh na n-oileán de. Ní thoghfar duine ó Oileán Chléire nó ó na hOileáin Árann. Tá gá díriú isteach orthu siúd.
Tugtar aitheantas éigin sa Bhille go mbeidh coiste réigiúnach ann, ach is rud difriúil é sin. Ní thoghfar an duine sin, agus ní bheidh an chumhacht aige nó aici le suí ar an mbord agus ceisteanna a ardú go leanúnach don cheantar as a toghadh é nó í. Ní bheadh an t-aitheantas ar na deacrachtaí agus ar na rudaí praiticiúla atá i gceist. Tá sé go hiomlán difriúil, má thagann duine ó cheantar mór láidir Gaeltachta agus sé nó sí in ainm is tacaíocht a thabhairt don cheantar atá i bhfad níos lú agus go bhfuil deacrachtaí ar leith i gceist ann, agus go minic ní aithníonn na hionadaithe é sin. Is deacracht é sin a mbeidh ar an 16 ball déileáil leis. Bhuel, bheadh ar an deichniúr déileáil leis, agus pé seisear a roghnóidh an tAire amach anseo. Ba chóir dúinn glacadh le leasú Uimh. 2 agus roinnt leasuithe eile i ndiaidh sin chun déanamh cinnte de go mbeidh an bord seo tofa agus go bhfuil an t-aitheantas gur rud daonlathach é seo. Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh ualach a chur ar dhaoine. Níl a fhios agam cén tslí a gcaitheann daoine sa Ghaeltacht a vótaí, agus níl a fhios ag aon duine cén bealach a rachaidh an toghchán amach anseo, ach an príomhrud ná go mbeadh toghchán ann agus go mbeadh an deis ag an ngnáthphobal sa cheantar sin an vóta sin a chaitheamh ar an iarrthóir ar mian leo, agus nach ndéarfadh an tAire nach raibh sé sásta leis an toradh sin agus go ndéanfadh sé cinnte de go mbeadh seisear dá rogha féin ar an mbord mar níl aon chosc ar cé a roghnóidh an tAire. D’fhéadfadh an tAire, más as Maigh Eo dó, seisear ó Mhaigh Eo a chuir ar an mbord. Ní daonlathas é sin. Tá an daonlathas bunaithe ar chritéir atá leagtha síos, critéir atá ag tabhairt aitheantais do na ceantair bheaga sa chás seo, agus aitheantas don daonra áitiúil chomh maith.
No comments