Dáil debates
Wednesday, 26 March 2025
Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation
5:50 am
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael) | Oireachtas source
I thank the Ceann Comhairle, and commend her for keeping the car between the ditches yesterday, which was a difficult workday for her.
Cuirim fáilte roimh Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 agus na hathruithe atá i gceist ó thaobh bord an údaráis a thoghadh. Tá athruithe beaga sa Bhille ó thaobh an t-údarás a bheith in ann talamh a dhíol le AHBs nó le húdaráis tithíochta, chun dídean a chur ar fáil i gceantar Gaeltachta. Tá aidhm ar leith i gclár an Rialtais go n-oibreodh an Rialtas le hÚdarás na Gaeltachta chun cinntiú go bhfuil a dhóthain tithíocht agus seirbhísí poiblí ar fáil i gceantair Ghaeltachta. Creidim féin gur féidir leis an t-údarás ról lárnach agus deimhneach a bheith aige, má chuirtear na hacmhainní cearta ar fáil dó. An aontaíonn an Taoiseach liom go mbeidh Acht nó Bille eile ag teastáil chun an aidhm seo a chur i gcrích? B'fhéidir go bhféadfadh sé iarraidh ar an Aire nó ar an Roinn amchlár a leagan amach don Bhille seo más rud é go n-aontaíonn sé.
No comments