Dáil debates

Thursday, 6 March 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Road Projects

3:00 am

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an t-ádh ar an Aire, an Teachta Calleary, mar níl aon cheist faighte agam faoi láthair trí mheán an Bhéarla. Cé go bhfuil roinnt de na ceisteanna trí mheán na Gaeilge, tá mé ag déanamh mo dhícheall na ceisteanna a phlé amach.

Ar aon nós, tá scéim na mbóithre áise curtha ar fionraí le roinnt blianta anuas. Faoin scéim sin, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre cáilithe faoi leith sa Ghaeltacht. Idir an dá linn, bhí agus tá maoiniú ar fáil faoin scéim feabhsaithe áitiúil de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre neamhphoiblí agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil phoiblí orthu sa ghnáthbhealach. Tuigtear dom go gcaithfidh an bóthar i gceist a bheith ag dul chuig árais chónaithe, talamh feirme nó suíomh thaitneamhacha ar nós locha, aibhneacha nó tránna. Tá breis eolas le fáil ar shuíomh na Roinne sin.

Tá geallta sa chlár Rialtais nua go dtabharfar scéim na mbóithre áise ar ais. Níl aon mheicníocht chuige sin oibrithe amach go fóill, áfach. Beidh athbhunú na scéime ag brath, dár ndóigh, ar airgead a bheith curtha ar fáil chuige sin do na blianta amach romhainn trí phróiseas na Meastachán. Tuigfidh an Teachta nach bhfuil Meastachán 2026 fiú tosaithe go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.