Dáil debates

Thursday, 6 March 2025

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Oideachas trí Ghaeilge

8:35 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is maith an rud é go bhfuil an Roinn go huile is go hiomlán ceangailte leis an gcoimitmint atá fógraithe maidir leis an nGaelcholáiste seo a bheith bunaithe laistigh de dheisceart lár na cathrach. Tá súil agam go mbeidh sé ar an suíomh seo. Mura bhfuil, caithfear féachaint ar phlean B toisc go bhfuil sé ráite go hoscailte ag roinnt dóibh siúd i mbainistíocht na scoile ar Shráid Synge faoi láthair nach bhfuil sé i gceist acu é seo a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh an Roinn in ann déileáil leo agus a rá go bhfuil sé seo ag dul ar aghaidh. Má tá sé ag dul ar aghaidh, tá jab eile le déanamh. Tá fhios agam go raibh ailtirí na Ranna ar an suíomh ag féachaint ar an bhfoirgneamh agus ar na rudaí gur chóir díriú isteach orthu. Bheadh sé deacair do dhá scoil - scoil Ghaeilge agus scoil Bhéarla - a bheith ar an suíomh ceannann céanna gan leithreas ann do chailíní nó do mhná. Níl saotharlann ann don eacnamaíocht bhaile nó don fhisic beo. Níl seomra inacmhainne nó seomra RSO ann.

Tá rudaí ar leith gur gá a dhéanamh má tá an Gaelcholáiste nua le bheith ar oscailt i mí Mheán Fómhair 2026. Tá rudaí gur gá dóibh tarlúint an samhradh seo - summer works projects - nuair nach bhfuil an scoil ar oscailt. Más gá athruithe a dhéanamh ar an bhfoirgneamh nó ar an gclós leis an dá scoil a scarúint, ba chóir go mbeadh sé sin ag tosú i mbliana, agus tuilleadh oibre le déanamh arís an bhliain seo chugainn. Thar an tréimhse atá againn, níos lú ná bliain go leith, tá obair mhór le déanamh leis an suíomh a chur in oiriúint ionas go mbeidh dhá scoil ar an suíomh sin ag an am céanna fad is atá siad ag aistriú ó Bhéarla go Gaeilge thar tréimhse sé bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.