Dáil debates

Thursday, 6 March 2025

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Foras na Gaeilge

2:20 am

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Mar is eol dó, tá cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge ag aistriú chuig an Aire, an Teachta Calleary, go luath. Is é an tAire, an Teachta Calleary, a bheidh freagrach as polasaí a fhorbairt faoi na ceisteanna seo. Tá mé ag súil go mbeidh an obair go léir críochnaithe go luath chun na feidhmeanna a aistriú go foirmiúil ó mo Roinn chuig an Roinn nua, is í sin, an Roinn pobail, gnóthaí tuaithe agus Gaeltachta. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, CATT, a cheadaíonn buiséid do na hinstitiúidí Thuaidh-Theas, lena n-áirítear an Foras Teanga Thuaidh-Theas. Cuireann mo Roinn 75% den bhuiséad ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus tagann an chuid eile ón Roinn Pobal ó Thuaidh.

Tá méadú curtha ar fáil ag Rialtas na hÉireann i mbuiséad 2025 le cur i dtreo an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas. Cuirtear tús le bliain bhuiséid an Fheidhmeannais ó Thuaidh i mí Aibreáin, áfach, agus dá réir sin, níl buiséid na bliana seo deimhnithe go fóill ag an Roinn Pobal ó Thuaidh. Nuair a bheidh buiséad 2025 deimhnithe agus aontaithe ag na Ranna urraíochta, ó Thuaidh agus ó Dheas, cuirfear é faoi bhráid an chéad chruinniú eile de chuid an CATT.

Rinne Foras na Gaeilge cinneadh ag tús na bliana seo ciorraithe a chur i bhfeidhm ar roinnt dá chuid scéimeanna bunaithe ar an mbuiséad a bhí aige anuraidh. Tá na Ranna urraíochta ó Thuaidh agus ó Dheas ag obair go dlúth le chéile chun na roghanna go léir a scrúdú ar mhaithe le teacht ar réiteach sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon ar na ceisteanna faoin mhaoiniú.

Idir an dá linn, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcuireann an Rialtas maoiniú suntasach breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus dá sé cheanneagraíocht maidir le gníomhaíochtaí eile Gaeilge. Le dhá bhliain anuas amháin, tá dúbailt tagtha ar an sciar den mhaoiniú sin a chuireann an Rialtas ar fáil go díreach do cheanneagraíochtaí Fhoras na Gaeilge, ó €1.8 milliún in 2023 go dtí €3.6 milliún i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.