Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
9:45 am
Jerry Buttimer (Cork South-Central, Fine Gael) | Oireachtas source
Déanaim comhghairdeas le gach aon duine a ghlac páirt sa díospóireacht iontach seo. Cosúil le gach duine eile, níl mórán Gaeilge agam, ach tá beagáinín agam. Táim ag foghlaim na teanga agus tá an teanga an-tábhachtach do gach duine, go mór mór sa Dáil agus sa Seanad.
Mar a dúirt an tAire, an Teachta Calleary, is teanga bheo í an Ghaeilge, beo de bharr go bhfuil pobal teanga againn sna ceantair Ghaeltachta agus in áiteanna eile ar fud na tíre, sna líonraí Gaeilge agus bailte seirbhís Gaeltachta go háirithe. Tá cáil na teanga ar chathair Chorcaí de bharr beocht na gceantar Gaeltachta ina timpeall - Múscraí agus Oileán Chléire i gContae Chorcaí, agus trasna na teorann i gCorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach. Tá na pobail sin ag caomhnú na teanga agus ag roinnt a dtraidisiún agus an cultúr a ghabhann léi leis an gcéad ghlúin eile.
Mar Aire Stáit atá freagrach as forbairt pobail agus carthanachtaí, tuigim an tábhacht leis na heagraíochtaí pobail agus deonacha i bhforbairt na Gaeltachta agus pobail na Gaeilge. Luaigh an tAire, an Teachta Calleary, an phleanáil teanga, agus ar ndóigh is ionann sin agus forbairt pobail trí mheán na teanga. Tá infheistíocht shuntasach á déanamh ag an Rialtas agus tacaíocht ar fáil don phobal ón Roinn, ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge chun an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm sa phobal. Tá forbairt ag teacht de réir a chéile ar na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge ar fud na tíre, ag cur dlúis le pobal teanga sna ceantair seo taobh amuigh de na ceantair traidisiúnta Ghaeltachta. Tá an Rialtas seo tiomanta a chuid a dhéanamh ar son na teanga don chainteoir Gaeilge sa Ghaeltacht, sa bhaile seirbhíse, sa líonra Gaeilge agus go deimhin in aon áit ar fud an oileáin seo. Mar bhall den Rialtas agus mar Aire Stáit, beidh mé ag tapú gach aon deis a fhaighim an teanga a úsáid agus a chur chun cinn aon slí ar féidir liom. Tá spriocanna dúshlánacha sa chlár Rialtais ach creidim go mbeidh an Rialtas seo in ann na spriocanna sin a bhaint amach nó a chur i bhfeidhm.
Bhí díospóireacht anseo sa Dáil inné maidir leis an oideachas trí Ghaeilge. Déanaim comhghairdeas leis an Teachta Ó Snodaigh agus le Sinn Féin as ucht na díospóireachta iontaí sin. Thug an rún seo deis do Theachtaí plé a dhéanamh ar an dul chun cinn suntasach atá déanta sa chóras oideachais le blianta beaga anuas i dtaobh na Gaeilge de. Is teanga bheo í an Ghaeilge agus tá pobal beo labhartha ag an teanga. Tá an Rialtas ag iarraidh an pobal sin a bhuanú agus a neartú tríd an infheistíocht go léir agus an chistíocht a chuirtear ar fáil. Aithním agus aithníonn na hAirí, na Teachtaí McEntee agus Calleary, go bhfuil tuilleadh dul chun cinn le déanamh sa réimse seo agus go bhfuil dúshláin os ár gcomhair, ach caithfear a admháil go bhfuil an-chuid bainte amach againn ar gá a aithint agus creidiúint a thabhairt don obair sin go léir.
Tá éacht déanta ag scoileanna Gaeltachta na tíre seo mar thoradh ar an scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta ach tá obair fós le déanamh. Ar an mbonn sin tá obair tosaithe ag an Roinn Oideachais i dtreo polasaí nua a fhorbairt.
Tá taighde fadtréimhseach á chur i gcrích i láthair na huaire a bheidh mar bhonn eolais don pholasaí nua, agus tá oifigigh na Roinne i mbun plé leis na scoileanna le roinnt míonna anuas chun tús a chur leis an gcomhairliúchán cuí.
Tá mórán scéimeanna ag mo Roinn a thacaíonn agus a chuireann le obair na Roinne Oideachais sa chóras trí chéile. Cuireann scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge deiseanna breise foghlama agus saibhriú teanga ar fáil sna ceantair Ghaeltachta d’fhoghlaimeoirí lasmuigh den chóras oideachais. De réir fhigiúirí na Roinne, ghlac breis is 27,000 foghlaimeoir páirt i gcúrsaí d’fhoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh. Fágann sé seo go bhfuil infheistíocht sa bhreis ar €6 mhilliún á dhéanamh ag mo Roinn san earnáil seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Sa bhreis air seo, ceadaíodh ciste €900,000 chun leathnú suntasach a dhéanamh ar an gciste scoláireachta do scoláirí in iarbhunscoileanna DEIS chun freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh amach romhainn. Faoin gciste breise atá ceadaithe, beidh os cionn 800 scoláire in aghaidh na bliana as iarbhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht.
Chomh maith leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, tá an Roinn Oideachais anois i mbun oibre ar pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Leagfaidh an Roinn amach spriocanna uaillmhianacha sa pholasaí seo maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge, agus aithneofar gníomhartha ann chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna sin. Tá aonad nua don Ghaeilge bunaithe ag an Roinn Oideachais chun plean gnímh dhá bhliain a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla, plean a bheidh le foilsiú freisin i mbliana.
Tá an Stát agus an Rialtas seo tiomanta don Ghaeilge. Tá mo Roinn agus an Roinn Oideachais tiomanta don Ghaeilge agus tá freagracht ar gach Roinn agus orainn go léir as an nGaeilge. Mar Aire Stáit, leanfaidh mé agus mo Roinn ag comhoibriú leis na Ranna Stáit go léir i leith na Gaeilge, ag cinntiú go n-éiríonn leis an Rialtas na spriocanna sa chlár Rialtais a chur i bhfeidhm. Luaigh an tAire, an Teachta Calleary, Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí agus measaim gur iontach an deis é seo dúinne, mar ionadaithe poiblí, na deiseanna a thapú chun an Ghaeilge a úsáid. Arís eile, tá an Stát, an Rialtas seo, agus mé féin mar Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, tiomanta do ghealltanais an Rialtais i leith fhorbairt agus bhuanú na Gaeilge a chur i bhfeidhm trí chomhoibriú libhse go léir agus go háirithe leis an Aire, an Teachta Calleary, agus leis an Aire, an Teachta McEntee.
Bainimis go léir sásamh as an Ghaeilge atá againn a úsáid le linn Sheachtain na Gaeilge agus gach seachtain sa téarma Rialtais sa Dáil agus sa Seanad.
No comments