Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
8:45 am
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail) | Oireachtas source
Is cúis áthais é labhairt anseo inniu faoin nGaeilge, go háirithe i rith Sheachtain na Gaeilge. Tráthnóna inné, bhí mé ag ócaid de chuid Gaeilge365 i Halla na Cathrach, áit ar pléadh an obair iontach atá ar siúl ag grúpaí agus daoine aonair ar son na Gaeilge. Tugaim aitheantas do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Daithí de Buitléar as an obair atá ar siúl acu. Tá sé mar chuspóir ag an Rialtas seo sa chlár Rialtais Gaeilge365 a leathnú timpeall na tíre. Tugaim aitheantas ar leith dóibh siúd atá ag obair gan staonadh chun an teanga a threisiú i bpobail fud fad na tíre: Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus, go háitiúil i gCill Dara, Cill Dara le Gaeilge, Gaeilge Nuada, Gaeilge an Bhrádáin, Sult na Sollán agus Glór an Churraigh. Táim fíorbhuíoch as an obair atá á déanamh ag na grúpaí seo i gceantair áitiúla agus fud fad na tíre. Gan iad, ní bheadh an fás atá feicthe againn ar an nGaeilge chomh láidir is atá sé inniu.
Tugaim aitheantas do na Gaelscoileanna i gCill Dara: Gaelscoil Uí Fhiaich, Gaelscoil Ruairí, Scoil Uí Riada, Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, mo sheanscoil féin, agus Gaelscoil Nás na Ríogh. Tá Gaelscoil de dhíth i gCill Droichid leis an bhfás atá sa phobal ansin. Tugaim aitheantas freisin do na Gaelcholáistí: Gaelcholáiste Chill Dara agus Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Táim an-bhainteach le Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Guím gach rath ar lucht na hidirbhliana lena gceoldráma "Beauty and the Beast". Beidh mé ann i gceann cúpla seachtain. Tá foirgneamh buan de dhíth ag Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Tá an-obair á déanamh ag an bpríomhoide, Mícheál Ó Ceoinín, ag an leas-príomhoide, Séamus de Búrca, agus ag an bhfoireann. Táim ag tnúth le foirgneamh buan a fheiscint i Maigh Nuad. Oibreoidh mé leis an Aire Oideachais faoi sin.
Tá sé tábhachtach labhairt faoi mhaoiniú. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire ag déanamh a dhíchill ó thaobh maoinithe d'Fhoras na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go dtagann deireadh leis seo agus go mbeidh cinnteacht ag an bhforas go luath agus go fadtéarmach. Chomh maith leis sin, tá cead pleanála sa Ghaeltacht luaite cheana féin. Tá sé tábhachtach go bhfuil cead pleanála á fháil ag daoine sa Ghaeltacht agus go mbeadh tithíocht ar fáil dóibh. Tugaim aitheantas do BÁNÚ chomh maith.
Tá todhchaí na Gaeilge geal ach teastaíonn tacaíocht leanúnach chun a chinntiú go bhfanfaidh sí láidir agus bríomhar sa saol laethúil. Tá an obair ar siúl agus an fás le feiscint. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge i gCill Dara agus timpeall na tíre.
No comments