Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

7:55 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ag croílár obair mo Roinne, tá cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus an bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo a bhí i bhfoilsiú an chéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh an plean náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig mhórthéama straitéiseacha, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go córasach. Tabharfaidh sé conair chun cur le líon na mball foirne le hinniúlacht Ghaeilge chun soláthar na seirbhísí sin a éascú freisin, de réir sprioc earcaíochta an Achta, is é sin go mbeidh ar a laghad 20% den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030. Tacófar leis an bplean náisiúnta seo le dhá phlean gníomhaíochta trí bliana, leis an chéad cheann le tréimhse 2025 go 2027 a chlúdach. Tá sé beartaithe an chéad phlean gníomhaíochta sin a chur faoi bhráid an Rialtais lena cheadú sna míonna amach romhainn.

Chun tacú leis seo go léir, tá buiséad €1.5 milliún ar fáil in 2025 do thionscnaimh seirbhíse poiblí a chuirfidh go mór leis na hiarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn i soláthar seirbhísí poiblí. Sheol mo chomhghleacaí, an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, gréasán Gaeilge na hearnála poiblí anuraidh. Infheisteofar os cionn €1 milliún sa tionscadal seo sna trí bliana amach romhainn le tacaíocht ó mo Roinn chun tacú leo siúd atá ag iarraidh a gcuid scileanna teanga a fhorbairt. Molaim do na Teachtaí go léir a gcuid bhfoirne ina n-oifigí sna Dáilcheantair agus san Oireachtas a spreagadh le húsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge agus clárú leis an ngréasán, agus le leas a bhaint as na tacaíochtaí agus na deiseanna atá an Stát ag cur ar fáil do na Comhaltaí ar fad anseo i dTeach Laighin.

Aithníonn mo Roinn an gá atá le cabhrú leis na daoine ar fad atá ag teacht chun na tíre seo ar chúis amháin nó eile. Tá sé tábhachtach dóibh go mbeadh sé ar a gcumas a bheith páirteach sa tsochaí anseo. Chuige sin, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil ag mo Roinn le cúpla bliain don fheachtas Céad Míle Fáilte, feachtas fiúntach agus fíorthábhachtach a thugann deis do nua-Éireannaigh a bhféiniúlacht Éireannach a láidriú.

Chun imeachtaí na seachtaine seo, Seachtain na Gaeilge, a chlúdach, cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil don chiste spreagtha, ciste atá ag tacú le himeachtaí pobail ar fud na tíre le linn na seachtaine agus go háirithe thar dheireadh seachtaine Lá Fhéile Pádraig. Anseo inár bpríomhchathair, tá Baile Átha Cliath le Gaeilge i mbun oibre chun dlús a chur le húsáid na teanga i measc an lucht gnó. Le seachtain anuas, d'fhógair mé ós cionn €4 milliún don togra Gaeilge365 chun an teanga a nascadh le seirbhísí na n-údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Bhí oíche iontach againn aréir i Halla na Cathrach i lár Bhaile Átha Cliath chun ceiliúradh a dhéanamh ar obair Gaeilge365. Aithníonn an Rialtas an fiúntas a bhaineann leis na scéimeanna agus na feachtais éagsúla seo, an dea-thionchar atá acu i measc an phobail, agus an chaoi a gcuireann siad an Ghaeilge chun cinn ar bhealach atá éadrom, spreagúil agus cumasach. Ar ais san ardchathair arís, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge cúpla seachtain ó shin bhí áthas orm an athfhorbairt mhór atá á dhéanamh ar 6 Sráid Fhearchair a fhógairt. Ar ndóigh, is ionad stairiúil é an foirgneamh seo a bheidh mar mhol lárnach don Ghaeilge agus do chultúr na Gaeilge i lár na cathrach anseo i mBaile Átha Cliath. Tá allúntas €3.1 milliún ceadaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun tús a chur leis an obair i mbliana ionas go mbeimid réidh le tairiscintí a lorg don mhórfhorbairt faoi 2026.

Tá an Rialtas seo, mé féin agus m'fhoireann tiomanta geallúintí an Rialtais i leith forbairt agus buanú na Gaeilge a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis na Teachtaí uile agus leis an bpobal, agus tá muid ag súil le leanúint leis an obair le linn na blianta atá amach romhainn. Tá súil agam go mbeidh deis ag Teachtaí a gcuid Gaeilge a úsáid le linn na seachtaine seo. Tá sé iontach go bhfuil - tá mé ag ceapadh - níos mó Gaeilgeoirí sa Dáil seo ná mar a bhí lena lán blianta anuas. Tá sé tábhachtach go labhraímid an teanga sa Dáil agus sa Seanad. Tá sé tábhachtach freisin go leanfaimid ar aghaidh agus an gcoiste Gaeilge agus na Gaeltachta a athbhunú.

Go mbaine na Teachtaí sult as úsáid na Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh i bhfad níos mó díospóireachtaí againn i nGaeilge faoin nGaeilge agus faoi ábhair eile, agus ní hamháin an díospóireacht bhliantúil le haghaidh Seachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.