Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
8:40 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le gach Teachta a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Tá sé go hiontach go raibh an chuid is mó den díospóireacht go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Aithním ach go háirithe iad siúd a labhair Gaeilge sa Dáil don chéad uair sa díospóireacht seo. Tá sé go hiontach go bhfuil an deis sin acu. Tá an deis sin acu gach uile lá, ach tharraing an díospóireacht seo roinnt daoine a bhí beagáinín cúthaileach maidir leis an nGaeilge amach. Tá meas agam ar aon duine a dhéanann iarracht. Luaigh daoine eile an sean-nath gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, agus is léir sin ón méid a bhí le rá anseo inniu. Tá mo bhuíochas agus mo chomhghairdeas ag dul dóibh siúd a rinne iarracht chuimsitheach inniu.
Tháinig grúpaí isteach chuig an nGailearaí agus tugaim aitheantas dóibh siúd a bhí anseo linn chun cluas éisteachta a thabhairt. Ina measc bhí Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaeloideachas, an Foras Pátrúnachta, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Aontas Daltaí Iarbhunscoile na hÉireann, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus dhá ghrúpa atá gar do mo chroí toisc go bhfuil a lán de na tuismitheoirí agus na gníomhairí i mo cheantar féin, lucht Ghaelcholáiste Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, 8 agus an feachtas atá ag lorg Gaelscoile i mBaile Átha Cliath 10 agus 12.
Labhróidh mé ar an bhfeachtas sin go simplí. An rud atá i gceist ag an rún seo ná cearta, go sonrach an ceart go bhfuil cead ag dalta oideachas a bheith aige sa Stát seo trí Ghaeilge. Níl sé sin ar fáil acu faoi láthair. Tá sé chomh simplí leis sin. Cuireann an méid a leagadh síos sa rún iachall agus brú ar an Stát é sin a chomhlíonadh. Mar shampla, d'fhreastail mo pháistí ar Ghaelscoil Inse Chór i mBaile Átha Cliath 8, ach bhí cónaí orainn i mBaile Átha Cliath 10 agus i mBaile Átha Cliath 12 ag an am. Níl aon Ghaelscoil ansin fós, in ainneoin go bhfuil feachtas ann le breis is 20 bliain go dtógfar ceann. Bhí na tuismitheoirí ann, tá na tuismitheoirí agus an t-éileamh ann, ach fós féin, níl an Stát tar éis bogadh ó thaobh foirgneamh, suíomh nó caint cheart maidir leis sin. Dá mbeadh garpháistí agam agus cónaí orthu i mBaile Átha Cliath 10 nó 12, ní bheidís in ann freastal ar Ghaelscoil mar níl ann dóibh. Tá na Gaelscoileanna sna ceantair timpeall orthu lán go doras. Sin an sórt ruda a bhfuil daoine ag caint fúthu, iad siúd ag éileamh ar Ghaeloideachas dá bpáistí agus atá díograiseach ar son na Gaeilge. In ainneoin nach bhfuil Gaeilge ag roinnt acu, tuigeann siad an buntáiste atá leis an ilteangachas agus tá meas orthu acu ar an nGaeilge, ach níl an ceart á thabhairt dóibh a bpáistí a chur chuig Gaelscoileanna agus, i go leor codanna den tír, níl na Gaelcholáistí ann. Caithfimid déileáil leis sin agus déileáil leis go tapa, ní hamháin ar son meas nó grá don teanga, ach, chomh maith leis sin, mura ndéileáiltear leo, ní bheidh na múinteoirí, na gardaí, na banaltraí nó na hinnealtóirí le Gaeilge ann chun seirbhísí an Stáit a sholáthar.
Táimid tar éis reachtaíocht a rith anseo le tamall de bhlianta anuas leis an sprioc go mbeidh 20% dóibh siúd earcaithe sa Státseirbhís inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Ní tharlóidh sé sin gan infheistíocht sna moltaí a leag mé síos. Impím ar an Rialtas casadh arís ar a bhfuil leagtha síos sa rún agus gan aon mhoilleadóireacht ach bogadh dá réir, agus an mhaoin, na háiseanna agus na hacmhainní a chur sa treo ceart ionas nach mbeimid ar ais anseo arís ag caint ar an ábhar ceannann céanna i gceann deich mbliana eile.
No comments