Dáil debates

Tuesday, 4 March 2025

Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]

 

8:30 pm

Photo of Matt CarthyMatt Carthy (Cavan-Monaghan, Sinn Fein) | Oireachtas source

Maidir le Seachtain na Gaeilge, ní leor é ráitis seanchaite a thabhairt don teanga; gaoth mhór gan aon chur leis. Tríd an rún seo a thabhairt chun tosaigh inniu, tá an méid a chaithimid a dhéanamh chun cearta oideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil leagtha amach go cruinn ag Sinn Féin. Mar thuismitheoir páistí a d’fhreastail ar Ghaelscoil agus ar Ghaelcholáiste, creidim go hiomlán go gcaithfidh an deis céanna sin a bheith ar fáil do gach páiste. Is féidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn agus seans a chur ar fáil do gach duine an teanga a fhoghlaim agus a labhairt.

Mar dhuine atá ag déanamh iarrachta faoi láthair feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge labhartha féin, tuigim go bhfuil sé níos éasca do pháistí teanga a fhoghlaim. Is cúis mhór díomá é go háirithe an laghdú i líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaelacha a tharla i dtréimhse an Rialtais Fianna Fáil agus Fine Gael deireanach. Tá sé thar am don Rialtas tacaíocht cuí a thabhairt d’oideachas trí Ghaeilge agus cúnamh a thabhairt do na pobail Ghaeltachta mar is iadsan atá mar bhunchloch do thodhchaí ár dteanga.

Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas le mo chomhghleacaí, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, as ucht na hoibre atá déanta aige chun an teanga a chothú. Glaoim ar an Rialtas na moltaí faoin teanga atá leagtha amach sa rún seo a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.