Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
8:10 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Aontú) | Oireachtas source
Is mian liom míle buíochas agus fáilte a ghabháil le muintir Chonradh na Gaeilge agus na gníomhairí Gaeilge eile atá thuas sa Ghailearaí as an méid oibre atá déanta acu le fada an lá, le níos mó ná 100 bliain sa tír seo. Gan iad, bheadh an teanga i bhfad níos laige timpeall na tíre gan dabht.
Is linne an Ghaeilge. Is seoid í an Ghaeilge. Tá ár n-ainmneacha agus logainmneacha scríofa i nGaeilge. Is teanga ársa í ach is teanga nua-aimseartha í freisin. Tá daoine ag tógáil clann sa tír seo le Gaeilge. Tá siad ag déanamh gnó sa Ghaeilge. Tá sí mar mheán cumarsáide sa tír seo, idir an seanchumarsáid agus leithéidí Twitter, Facebook, Instagram agus TikTok. Tá sí fite fuaite inár gcuid féiniúlachta. Is stór saibhris í an Ghaeilge mar gheall ar scéalta, ealaín, filíocht, dráma agus amhráin. Is struchtúr smaointe í an Ghaeilge freisin. Bheadh éagsúlacht an domhain i bhfad níos laige gan í. Tá an-chuid dualgas orainn í a threisiú agus a thógáil mar Stát agus Rialtas.
Is í an tslí is fearr chun an Ghaeilge a thabhairt don chéad glúin eile ná clann a thógáil le Gaeilge. Ní bhíonn aon strus nó brú ar aon pháiste atá ag foghlaim na Gaeilge ón gcliabhán. Bíonn an Ghaeilge aige nó aici mar a tharlaíonn sé. Is é ceann de na rudaí is tábhachtaí dúinn mar Dáil agus Oireachtas ná cabhair a thabhairt do na tuismitheoirí atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge, iad siúd atá sa Ghaeltacht agus iad siúd atá taobh amuigh di freisin.
Gan aon Ghaeltacht, bheadh an cath caillte mar gheall ar ár gcuid teanga. Is tobar don teanga í. Tá an Ghaeilge i bhfad níos saibhre agus níos doimhne istigh sa Ghaeltacht ná aon áit eile. Gan an Ghaeltacht, ní bheadh ann ach líonraí Gaeilge thar timpeall na tíre gan an saibhreas sin ar chor ar bith. Caithfidh muid a rá agus a admháil ag an bhomaite seo go bhfuil an Ghaeltacht i ndrochstad. Cé go bhfuil go leor daoine ag déanamh oibre maithe – ba mhaith liom go mbeadh na daoine sin ag dul ar aghaidh mar gheall ar an obair sin - fós, daonáireamh i ndiaidh daonáirimh, tá an méid daoine a bhíonn ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ag titim. Sa daonáireamh is deireanaí, thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ó 69% go 66%. Is fadhb mhór í sin. Caithfidh muid a admháil anois go bhfuil togra mór os ár gcomhair chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhás sa todhchaí.
Bhí mé ag caint le saineolaí le déanaí a bhí ag rá nach bhfuil ach 500 páiste idir trí is ceithre bliana d’aois sna Gaeltachtaí uilig ag caint Gaeilge go laethúil. Samhlaigh sin. Sin 500 páiste go hiomlán idir trí agus ceithre bliana d’aois sna Gaeltachtaí uilig ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Is tréad fíorbheag é sin. Caithfidh muid a admháil, muna ndéanann muid rud éigin radacach as seo amach, go mb’fhéidir gur muid an ghlúin dheireanach a bheidh an Ghaeilge againn mar theanga pobail. Tá 2,000 bliain staire ag an Ghaeilge sa tír seo. Tá todhchaí na teanga ar ár gcuid guaillí anois maidir leis an Ghaeilge a bheith ina teanga pobail as seo amach.
Ba mhaith liom go n-éistfeadh an tAire leis an méid seo. Muna éisteann sé le haon rud eile seachas an píosa seo, is cuma liom. Is fíorGhaeltacht iontach í Ráth Chairn, atá in aice liom, ina bhfuil pobal láidir bríomhar ag labhairt na Gaeilge lá i ndiaidh lae. Caithfidh mé a admháil gur iarcheannaire dá pháirtí féin, Éamon de Valera, a chruthaigh Ráth Chairn nuair nach raibh pingin rua i bpóca an Stáit. Bhog sé go leor daoine as na ceantair Ghaeltachta eile go dtí Ráth Chairn agus Baile Ghib. Tá go leor talaimh shaoir istigh ann. Tá go leor daoine ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge in áiteanna cosúil leis An Uaimh, Droichead Átha agus Baile Átha Cliath. Tá talamh le díol anois istigh i Ráth Chairn. Is féidir leis an Rialtas, nó le hÚdarás na Gaeltachta, é a cheannach agus tithe a thógáil ar an talamh sin agus na tithe sin a dhíol do chlanna atá ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Chabhródh sé sin leis an Stát in dhá slí. Ar dtús, threiseodh sé an Ghaeltacht mar bheadh thart ar 20 nó 30 clann nua ag dul isteach go Ráth Chairn agus ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge agus ag cur leis an scoil, an siopa agus an comharchumann agus gach rud eile a bhíonn ag titim amach sa cheantar sin. Freisin, chabhródh sé leis an ghéarchéim tithíochta mar bheadh spásanna sa bhreis sa cheantair eile. Ní Ráth Chairn amháin atá i gceist agam leis an smaoineamh seo; is féidir leis an Roinn a bheith i mbun an phlean seo le Baile Bhuirne, atá in aice le bailte móra Béarla, agus fiú leis An Spidéal atá in aice le cathair na Gaillimhe. Dá mbeadh an Rialtas ambitious mar gheall ar an rud sin, d’fhéadfadh an tAire dul go dtí Údarás na Gaeltachta agus a rá leis talamh áirithe a cheannach, 20 teach a thógáil air agus iad a dhíol le daoine atá ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge le fáil amach an oibreodh sé. Bheadh sé láidir mar chabhair don Ghaeilge sa todhchaí.
Caithfidh mé a rá freisin gurb é ceann de na fadhbanna sa Ghaeltacht ná nach mbíonn poist le fáil trí Ghaeilge sna Gaeltachtaí fós. Leis an fhírinne a rá, is é Údarás na Gaeltachta an col ceathrair bocht idir na heagraíochtaí forbartha, eacnamaíochta agus post sa tír seo. Nuair a bhí Fiontar Éireann agus an IDA ag fáil go leor airgid agus níos mó airgid bliain i ndiaidh bliana, bhí síleáil ar an méid airgid a bhí Údarás na Gaeltachta ag fáil sa tír seo. Tá sé sin dochreidte. Ba cheart go mbeadh an Rialtas i bhfad níos uaillmhianaí agus ag cur airgid isteach go dtí Údarás na Gaeltachta le go mbeidh sé in ann poist fíorGhaelacha a chruthú istigh ansin ag an bhomaite seo.
No comments