Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
7:50 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Is scéal dearfach é go bhfuil an Rialtas ag admháil go bhfuil teipthe air ó thaobh polasaí oideachais don Ghaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí. B'fhéidir go mbeidh ar an Aire a sheiceáil má tá an Rialtas ag glacadh leis an rún nó nach bhfuil.
Bhí de phribhléid agam - uaireanta níor cheap mé gur pribhléid é, mar bhí orainn a lán rudaí a léamh trí Ghaeilge, agus de réir a chéile bhí sé i bhfad níos éasca dúinn - a bheith ar an gcomhchoiste Gaeilge le hAengus mar Chathaoirleach.
D'fhoilsíomar a lán tuarascálacha agus d'fhoilsigh muid an ceann seo: Comhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Phobal labhartha na Gaeilge: An tÉileamh ar an Oideachas Lán-Ghaeilge ag Leibhéal na hIar-Bhunscoile nach bhfuil á shásamh ag an Stát. Is scéal thar a bheith dearfach é ar lámh amháin - tá éileamh ollmhór ann - ach ar an lámh eile níl an t-éileamh seo á shásamh ag aon rialtas nó an Rialtas seo. D'fhoilsíomar an tuarascáil seo cúpla mí ó shin. Tá sé gearr agus is fiú é a léamh. Níl mórán leathanach - 46 - ann i ndáiríre. Níl i gceist ach sé cinn de mholtaí agus níl mé chun iad a léamh amach ach is fiú iad a léamh. Foilsíodh an tuarascáil seo tar éis próiseas comhairliúcháin. Tháinig a lán dreamanna os ár gcomhair, ina measc Gaeloideachas agus An Foras Pátrúnachta, le cur in iúl dúinn chomh mór is atá an t-éileamh ar an talamh ó thaobh oideachais trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus nach bhfuil an t-éileamh sin á shásamh. Laistigh de na sé mholadh sin, féachfaimid ar mholadh a sé:
Molann an Comhchoiste go gcuirfidh an Rialtas agus an tAire Oideachais plean cuimsitheach le chéile ina leagfar amach spriocanna intomhaiste, critéir shoiléire agus amlínte dochta lena chinntiú go mbeidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lánGhaeilge sna bailte móra timpeall na tíre a bhfuil an t-éileamh ann le haghaidh iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.
Tá cúig mholadh eile sa tuarascáil. Má tá an Rialtas ag glacadh leis an rún, tá gá go nglacfar leis an tuarascáil freisin a dhíríonn solas isteach ar na bearnaí ollmhóra atá ar an talamh, ach ní hamháin an solas a dhíriú isteach ar na fadhbanna mar tá na réitigh ann freisin. Is é sin an rud is tábhachtaí inniu. Ní bhreathnaím ar an nGaeilge mar fhadhb. Cloisim daoine ag rá nach mór dúinn an Ghaeilge a shimpliú agus gan bac le litríocht agus leis seo. Ní ghlacaim leis sin a bheag nó a mhór. Is ábhar ann féin í an Ghaeilge. Is í ár dteanga dhúchais agus náisiúnta atá againn agus tá daoine i dteideal oideachas lánGhaeilge a fháil. I mo thuairim, tá na cearta sin bunaithe ar reachtaíocht: an tAcht Oideachais. Ceapaim go bhfuil na cearta leagtha amach ansin. Mura bhfuil, tá an rún nó tá an tuarascáil ag rá mura bhfuil an reachtaíocht láidir go leor, go bhfuil gá le reachtaíocht chun a chinntiú go bhfuil roghanna ag tuismitheoirí agus ag clanna oideachas a fháil trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.
Molaim an tAire Oideachais ós rud é go bhfuil sí sásta an Ghaeilge a úsáid. Rinne sí sár-iarracht agus tá sí ar thuras freisin, ach is cúis díomá dom amach is amach an polasaí atá geallta. Tá an Rialtas ar tí polasaí oideachais do scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht a chur ar fáil, ach níl na gealltanais shollúnta atá faighte againn luaite. Níl sé luaite go bhfuil an tréimhse ama don pholasaí thar a bheith dearfach atá ann don oideachas laistigh den Ghaeltacht imithe, agus go bhfuil an polasaí sin críochnaithe. Chuaigh mé tríd, agus níl focal ná tagairt do pholasaí nua do na scoileanna laistigh den Ghaeltacht. B'fhéidir go bhfuil an locht orm ach tar éis póirseáil ar shé leathanach, ní fhaca mé aon tagairt don pholasaí atá geallta.
Nuair a d'fhoilsíomar ar an gcoiste an tuarascáil sin, bhí sé bunaithe ar na dreamanna agus na saineolaithe a tháinig os ár gcomhair, SEALBHÚ ina measc. Ní mór dom breathnú ar obair na gcapall a rinne SEALBHÚ chun a chur in iúl dúinn arís na fadhbanna ar an talamh ach na réitigh freisin. B'iad Pádraig Ó Duibhir, Aisling Ní Dhiorbháin agus daoine eile a dúirt é sin ar an 29 Meán Fómhair 2023. Bliain go leith níos déanaí a d'fhoilsíomar achoimre na tuarascála seo. Is é an rud a léimeann amach ná an chonclúid. Is í an teachtaireacht shoiléir a tháinig tríd an gcomhairliúchán ná nach bhfuil go leor suíomhanna lánGhaeilge ann chun freastal ar éileamh an phobail. Is í an phríomhsprioc in aon pholasaí nua ná cur go mór le líon na suíomhanna lánGhaeilge agus araile.
Níl a fhios agam an bhfuil an tuarascáil sin léite ag na hAirí ach is fiú é a léamh. I measc na moltaí áirithe, tá sé ráite gur éiligh go leor rannpháirtithe go n-íocfaí an liúntas do mhúineadh trí Ghaeilge do gach múinteoir san earnáil lánGhaeilge mar aitheantas ar an obair sa bhreis a bhíonn le déanamh acu. Déanann an tuarascáil tagairt, agus i bhfad níos mó ná tagairt, don phráinn atá le polasaí don oideachas sna luathbhlianta. Tá sé go léir anseo. Ba mhaith liom í a léamh amach ach níl an t-am agam. Baineann SEALBHÚ agus an tuarascáil úsáid as eiseamláirí i dtíortha eile, go háirithe i dTír na mBascach. Tá sé seo déanta ina lán tíortha eile agus ba chóir dúinn breathnú air sin agus beart a dhéanamh de réir ár mbriathar.
Bunaithe air seo, rinne an Rialtas creatpholasaí, ní dréachtpholasaí ach creat don pholasaí, fráma nó framework nó skeleton, a chur le chéile. Laistigh den pholasaí sin, níl spriocamanna nó cuspóirí agus - cén chaoi is féidir liom é a chur? - níl aon rud foghlamtha acu ón dea-pholasaí eile ó thaobh oideachais sna Gaeltachtaí. Ní nach ionadh go raibh daoine ar an talamh buartha faoi na rudaí nach bhfuil sa chreatpholasaí. Is é an rud a bhí ag teastáil uainne agus ó na saineolaithe ná go mbeadh dréachtpholasaí i gceist, mar is gnách, agus go mbeadh cumarsáid dháiríre fhírinneach idir na daoine ar an talamh agus an Roinn Oideachais chun muinín a chothú agus go mbeidís in ann obair as lámh a chéile ar son na Gaeilge, ar son cearta agus ar son roghanna a thabhairt do thuismitheoirí agus do chlanna ar an talamh. Faraor, ní hé sin atá tarlaithe ach tá deis ann fós dréachtpholasaí a fhoilsiú bunaithe ar na rudaí atá foghlamtha againn agus an bealach ceart chun rudaí a dhéanamh ó thaobh cúrsaí oideachais.
Ag eascairt as anocht, b'fhéidir go mbeidh an tAire in ann a dheimhniú gurb é sin atá i gceist ag an Rialtas anois, is é sin go mbeidh dréachtpholasaí d’oideachais lánGhaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí. B'fhéidir go mbeidh an tAire in ann a rá cén uair a bheidh an dréachtpholasaí á fhoilsiú agus b'fhéidir go mbeidh sé in ann a rá cén uair a bheidh polasaí nua do scoileanna laistigh den Ghaeltacht.
Táim beagnach críochnaithe. Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do Naíonra Chamuis. Is iontach an naíonra é agus is é an chéad naíonra, de réir mar a thuigim, níl a fhios agam sa tír ach in aon Ghaeltacht, atá ag feidhmiú go huile is go hiomlán taobh amuigh. D'fhoghlaim sé ceacht ó tíortha eile. Tá an naíonra seo ag feidhmiú go huile is go hiomlán faoin aer taobh amuigh. Éacht atá déanta acu agus bhí sé de phribhléid agam agus ag Teachtaí Dála eile freastal ar ócáid leo. Ach arís is arís eile, tá siad ag brath ar airgead a bhailiú sa bhaile beag.
Tá siad ag brath ar fhoirgneamh réamhdhéanta, seachas aitheantas a bheith tugtha dóibh ar an éacht atá déanta agus iad a threorú i dtreo na ndeontas agus an airgid atá ag teastáil. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Aire faoi sin. Is fiú cuairt a thabhairt ar an naíonra sin.
No comments