Dáil debates

Tuesday, 4 March 2025

Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]

 

7:50 pm

Photo of Séamus HealySéamus Healy (Tipperary South, Independent) | Oireachtas source

Molaim an rún seo, agus gabhaim buíochas le Sinn Féin as ucht an rún a chur faoi bhráid na Dála.

Ba mhaith liom labhairt ar bhuncheist thábhachtach maidir leis an nGaeilge. Tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge le linn an Rialtais dheireanaigh. Níl iarbhunscoil lán-Ghaeilge ach ag 11 contae. Eleven counties have Irish-language second level schools. Ós rud é go bhfuil neamhaird déanta ag an Rialtas ar an gcóras iompar scoile, níl deis ag daltaí freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais go bhfuil 44,000 dalta bunscoile ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, ach níl ach 15,000 dalta iarbhunscoile ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Níl a dhóthain áiteanna ag leibhéal na hiarbhunscoile trí mheán na Gaeilge do na daltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge anois. Tá cosc orthu siúd leanúint lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge mar gheall ar líon na nGaelcholáistí agus líon na gcúrsaí lán-Ghaeilge sna hinstitiúidí ardoideachais.

Molaim an cur chuige i gCluain Meala maidir le leanúint an oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge. Bhunaigh Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann Gaelcholáiste Chéitinn sa bhliain 2004, agus tá ag éirí go geal leis ó shin. Molaim an bord bainistíochta, an fhoireann agus na daltaí agus gabhaim comhghairdeas leo go léir. Ba chóir go leanfaidh an tAire dea-shampla Ghaelcholáiste Chéitinn agus treoir a thabhairt do na boird oideachais agus oiliúna uile ar fud na tíre iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge a chur ar fáil.

The basic point I am making is that there is a large cohort of students who wish to proceed through Irish at second level. There are not enough places at second level due to the lack of second level schools. There is also a lack of courses at third level. In addition, students are unable to avail of the school transport system. Perhaps in some way the education and training boards might be used to establish second level Gaelcholáistí throughout the country.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.