Dáil debates

Tuesday, 25 February 2025

5:25 pm

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim ag labhairt inniu chun an frustrachas agus an fearg domhanda a léiriú ar son teaghlaigh i gCill Dara theas agus fud fad na tíre atá tréigthe ag an Rialtas seo maidir le leanaí le riachtanais bhreise. Faoi láthair i mo dháilcheantar féin, tá tuismitheoirí trína chéile toisc nach féidir leo áit dá bpáistí a fháil i scoil speisialta nó fiú áit i rang speisialta i scoil príomhshrutha. Deirtear leo go gcuirfear ar liosta feithimh iad nó nach bhfuil aon spásanna nó acmhainní ar fáil, nó plean i bhfeidhm. Is cúis náire é seo.

Ní stopann sé ansin, tá na mílte páistí i gCill Dara theas sáite ar liostaí feithimh le haghaidh measúnú ar riachtanais AON atá de cheart acu faoin Acht um Mhícumas, 2005. Ba mhaith liom a bheith an-soiléir; ní hamháin go bhfuil sé seo ina mhoill, is diúltiú ar chearta oideachais, tacaíochta agus todhchaí é seo.

Tá tuismitheoirí á n-íobairt lá i ndiaidh lae; ag scríobh litreacha, ag cur glaochanna, ag impí ar an HSE, scoileanna agus na hAirí díreach chun oideachas oiriúnach a fháil dá bpáistí, rud atá de cheart acu agus atá na páistí i dteideal. Tá siad traochta. Mothaíonn siad gur lig an Rialtas síos iad. Cad atá le fáil ón Rialtas ach níos mó geallúintí folmha agus níos mó moill. Níl an t-am ag leanaí le riachtanais breise fanacht na blianta ar son tacaíocht. Tá cabhair agus seirbhísí de dhíth orthu anois.

Freisin, tá an íocaíocht de réir tástáil acmhainne don liúntas cúramóra míchothrom agus cruálach. Cuireann sé pionós ar dhaoine atá ag tabhairt suas gach rud chun aire a thabhairt dá mhuintir, ag sábháil na billiún don Stát chun tabhairt faoi droch-chás airgeadais agus téip dhearg. Táim tar éis labhairt le cúramóirí i gCill Dara theas atá ag streachailt chun bia a chur ar an mbord atá ag troid chun gach euro atá acu a choimeád; go simplí toisc go bhfuil a chomhpháirtí ag tuilleamh díreach os cionn an teorainn. Seo iad na daoine atá ag obair 24/7 gan phá ag déanamh obair na seirbhísí sláinte, agus conas a déileálann an Rialtas leo? Le measúnú ar acmhainní míchothrom agus bacainní maidir le tacaíochta.

Tá Sinn Féin soiléir; ba cheart go mbeadh muid ag tacú le cúramóirí in ionad pionós a ghearradh orthu. Caithfear deireadh a chur leis an measúnú seo chun córas níos cothroma a chur i bhfeidhm. Is iad na daoine seo cnámh droma an phobail agus tá sé in am caitheamh i gceart leo; leis an dínit atá tuilte acu.

The means test for family carers is nothing short of cruel. It punishes those who give up everything to care for their loved ones, saving the State billions of euro only to be met with financial hardship and red tape. I have spoken to carers in Kildare South who are struggling to keep food on the table and who are forced to fight for every euro simply because their partners earn just above the threshold. These are the people working 24-7, unpaid, doing the work that our health service should be doing, and how does the Government repay them? With unfair means-testing and barriers to support. Sinn Féin is clear. Carers should be supported, not penalised. The means test must be scrapped, and a fairer system put in place. These people are the backbone of our communities, and it is time to treat them with the dignity they deserve.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.