Dáil debates
Tuesday, 25 February 2025
An tOrd Gnó - Order of Business
3:55 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Níl a fhios agam má tá an Taoiseach ar an eolas faoin stailc leathlae ag 40 eagras Gaeilge amárach chun réiteach a fháil anois agus infheistíocht chothrom a chinntiú do na grúpaí agus don Ghaeilge, seachas ciorruithe de €820,000 atá fógartha ag Foras na Gaeilge agus easpa maoinithe leanúnach le blianta san áireamh, gan fiú trácht ar an mboilsciú ar na costais. An nglacann an Taoiseach leis go bhfuil géarchéim ann agus an dtacóidh sé leis an stailc amárach? Cad atá á dhéanamh faoin éileamh atá acu?
No comments