Dáil debates
Thursday, 6 February 2025
Programme for Government: Statements
6:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
In ainneoin go bhfuil Aire sinsearach ann don Ghaeltacht agus don Ghaeilge faoi dheireadh, mar a mhol Sinn Féin agus grúpaí eile thar na blianta - tréaslaím leis an Aire, an Teachta Calleary, as an dualgas nua atá roimhe - is cosúil ón gclár Rialtais nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas go ndéanfaidh sé mórán sa ról sin. Is céim chun cúl ón gclár Rialtais a bhí ann roimhe seo, in 2020, atá sa chlár Rialtais nua. Athrá ar gheallúintí nár baineadh amach iad atá ann den chuid is mó. Mar shampla, gealltar anois treoirlínte pleanála Gaeltachta a thionscnamh, rud a bhí geallta in 2021. Níl siad dréachtaithe agus níl siad feicthe ag aon duine go fóill. Gealltar pleananna speisialta forbartha a thionscnamh do cheantair Ghaeltachta le spriocanna tithíochta ar leith, cé gur vótáil Fianna Fáil agus Fine Gael ina choinne nuair a chuir mise leasú ar an mBille pleanála chun a leithéid a chinntiú. B'fhéidir go bhfuil siad tar éis teacht trasna chuig an méid atá le rá againn. Gealltar sa phlean nua seo freisin toghcháin díreach d'Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais, toghcháin a bhí in ainm a bheith againn anuraidh agus roimhe ach nár tharla go fóill. Táimid fós ag fanacht air sin. Gealltar tacaíocht do theaghlaigh Ghaeltachta ar nós an gheallúint a thug an tAire, an Teachta O'Donovan, chun scéim labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais. Níor tharla sé sin ach oiread. I gcás Fianna Fáil agus Fine Gael i rialtas, is F, F agus F na torthaí a bheadh acu dá mbeadh gráid á dtabhairt amach maidir le geallúintí don teanga, don Ghaeltacht ná don Ghaeloideachas a chomhlíonadh.
In 2020, gealladh sa chlár Rialtais go mbeadh dúbailt ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ach thit an líon sin ó shin. Níl an gheallúint sin sa chlár Rialtais atá againn i mbliana. Gealladh chomh maith polasaí cuimsitheach a chur ar fáil don Ghaeilge ón oideachas réamhscolaíochta go dtí oiliúint múinteoirí, rud nach bhfuil déanta agus nach bhfuil le feiceáil sa chlár Rialtais seo. Gealladh tuilleadh béim a chur ar an nGaeilge labhartha ar scoil ach ní ghealltar sin a thuilleadh. Gealladh lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre, rud eile nár tharla agus nach bhfuil ann a thuilleadh. Is léir nár éist Fianna Fáil ná Fine Gael leis na saineolaithe maidir leis an ngéarchéim teanga atá ann. Tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht ag titim. Níl daoine Gaeltachta in ann teach a cheannach ná a thógáil. Níl ach teaghlach amháin as gach cúig sa Ghaeltacht ag tógáil a chlainne le Gaeilge. Tá 11 contae gan Ghaelcholáiste. Níl fáil ag tuismitheoirí ar scoileanna lán-Ghaeilge dá n-ógánaigh agus tá líon na ndíolúintí ar scoil tar éis pléascadh mar thoradh ar chritéir an Aire, an Teachta Foley. Tá dalta amháin as gach ochtar anois nach bhfuil ag foghlaim ár dteanga náisiúnta, atá in ainm a bheith mar chroí-ábhar scoile do chách. Ag an am céanna, tá Foras na Gaeilge anois ag fógairt ciorruithe toisc easpa maoinithe agus tá mná tí ag tréigean earnáil na gcoláistí samhraidh.
Tuigeann muidne i Sinn Féin an dúshlán. Leanfaimid ag moladh bealaí uaillmhianacha agus indéanta chun ár dteanga a tharrtháil. Má tá spéis ag an Rialtas ann, b'fhéidir go dtabharfaidh sé éisteacht dúinn agus do na heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta atá ag leagan síos pleananna. B'fhéidir go ndéanfaidh an Rialtas athdhéanamh ar an bplean Rialtais atá aige. Impím ar an Rialtas agus ar an Aire go háirithe, mar tá na pinginí ina sheilbh agus i seilbh an Rialtais seo, a súile a oscailt don ghéarchéim atá ann don teanga agus airgead, maoiniú agus áiseanna a chur i dtreo réiteach na bhfadhbanna atá ann. Ba chóir dóibh gníomhú dá réir, rud nach bhfuil déanta ina iomláine go dtí seo.
No comments