Dáil debates

Thursday, 7 November 2024

Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation

 

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Seo í an uair dheireanach a labhróidh mé sa Dáil. Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus an fhoireann uile atá sa Teach seo as ucht na hoibre ar fad a dhéanann siad agus an bealach a chaitheann siad linn i gcónaí. Tá siad go deas réchúiseach, tuisceanach agus stuama.

Mar is eol don Tánaiste, níor aontaigh mé riamh leis an gcinneadh a rinneadh sa bhliain 2012 fáil réidh le hionadaíocht thofa ar bhord Údarás na Gaeltachta. Cuireadh ann é den chéad uair i 1979. Tá a fhios agam go ndearna an tAire Airgeadais, nuair a bhí sé ina Aire Stáit don Ghaeltacht, agus an tAire Stáit reatha, an Teachta Thomas Byrne, go leor oibre ar Bhille Údarás na Gaeltachta. An cheist atá agam ná, ar tharla nár ritheadh an Bille sin ina Acht agus tá sí ar Chéim an Choiste, má thoghtar an Tánaiste arís, an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas geallúint a thabhairt go leanfar leis an mBille sin san Oireachtas san áit ar thosaigh sé ag scor na Dála seo? Tá imní ar an bpobal ar fud na Gaeltachta faoi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.