Dáil debates
Thursday, 7 November 2024
Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate
Ionaid Oidhreachta
9:20 am
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
D'fhág mé 50 soicind aige ar aon chaoi. Tá mé ag díriú ar an ábhar deireanach, is é sin an rud seo faoin pháirceáil, mar tá an obair eile ar bun, rud atá mé an-shásta faoi mar tá dul chun cinn ann. Is í an áit a bhfuil an chontúirt agus an fhadhb ná leis an bpáirceáil. An féidir leis an Aire Stáit a shamhlú, ó tharla gurb as Contae na Mí dó, mura mbeadh aon pháirceáil ag an OPW ag Brú na Bóinne? An féidir leis a shamhlú go gcaithfí páirceáil ar an tsráid agus go mbeadh cóistí capall, rothair – tá an t-uafás daoine ar na hOileáin Árainn ar rothar, mar is eol dó - agus go leor busanna ann? Is é seo an rud is gá díriú air. Ba mhaith liom a bheith dearfach agus breathnú an bhfuil féidearthacht le réiteach éasca a fháil air seo. Ba mhaith liom go rachadh an tAire Stáit ar ais chuig a Roinn le fáil amach cén fáth nach suíonn an OPW síos leis an gcomhairle contae agus leis an Roinn forbartha tuaithe agus pobal le féachaint an bhféadfadh siad iarratas a dhéanamh faoin ciste RRDF leis an bhfadhb fhadtéarmach seo a réiteach, talamh breise a fháil agus a cheannach, agus ansin dul ar aghaidh agus forbairt a dhéanamh ar na háiseanna páirceála ansin. D’athródh sé sin chuile shórt. Chonaic muid nuair a rinne muid an cé in Inis Mór. Bhí sé ina sciob sceab ar an gcé go dtí gur tógadh an cé nua. Anois, tá sé an-eagraithe agus sábháilte agus tá áit do chuile shórt ar an gcé. Is é seo an rud céanna a theastaíonn anois anseo. Nach iontach an rud é go bhfuil 144,000 duine ag dul amach ann? Caithfidh muid cuimhneamh ar rud amháin, is é sin, go bhfuil muid ag iarraidh go gcuirfear scéal maith amach gur áit iontach le dul é, le háiseanna thar cinn, agus ar ndóigh, go bhfuil Dún Aonghusa mar a bhí sé riamh, le lámh leagtha air agus é ann don phobal.
No comments