Dáil debates

Tuesday, 15 October 2024

Disability Services: Motion [Private Members]

 

8:20 pm

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé iontach go bhfuil sé seo curtha os comhair na Dála ag mo chomhghleacaí, an Teachta Pauline Tully, anocht. Ar ndóigh, tá sé iontach go bhfuil daoine anseo atá in ann a gcuid tuairimí a roinnt linn mar go bhfuil sé fíorthábhachtach go gcloisfear tuairimí na ndaoine seo. Ón athbhreithniú a rinneadh maidir le hinniúlacht seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, tá a fhios againn go bhfuil an t-uafás maoinithe agus infheistíochta ag teastáil. Táthar ag rá go dteastaíonn idir €750 milliún agus €1.35 billiún go dtí 2032 chun dul i ngleic leis an méid atá de dhíth i dtaobh seirbhísí i gcomhair daoine agus a gcuid teaghlach. Is cuimhin liom go ndúirt grúpaí a phléann le daoine faoi mhíchumas go soiléir ag an olltoghchán deireanach nár chóir go mbeadh sé seo á phlé ag am an olltoghcháin amháin ach go gcaithfidh an Rialtas dul i ngleic leis seo i mbealach dáiríre.

Tá súil agam go bhfuil na hAirí ag éisteacht. Chuile sheachtain bheo, bíonn tuismitheoirí ag teacht isteach chuig m'oifig. Bíonn siad ag rá liom nach bhfuil a gcuid páistí in ann na seirbhísí atá ag teastáil uathu a fháil. Tá siad ar liostaí feithimh atá i bhfad rófhada agus níl siad in ann na seirbhísí atá de dhíth orthu a fháil. Chomh maith leis sin, tá a fhios againn go bhfuil fadhb ollmhór ann maidir le faoiseamh. Níl teaghlaigh ag fáil an faoiseamh atá ag teastáil uathu. Ní hamháin go gcuireann sé sin brú ar an teaghlach, an páiste nó an duine fásta a bhfuil an faoiseamh ag teastáil uathu ach ní dhéanann sé ciall ar bith go fadtéarmach. Tá a fhios againn go gcuireann sé sin tuilleadh brú ar sheirbhísí go fadtéarmach. Mar gheall air sin, caithfimid dul i ngleic leis an bhfadhb maidir le faoiseamh. Nílim ag caint faoi fhaoiseamh gach cúpla seachtain nó pé tréimhse atá ann. Caithfimid breathnú ar na seirbhísí ina iomláine taobh amuigh den fhaoiseamh sin. B'fhéidir go gcaithfimid breathnú ar chlubanna tar éis na scoile ionas gur féidir le teaghlaigh leanúint orthu ag obair agus mar sin de agus leis na páistí eile dul ar scoil. Caithfear fís éagsúil a bheith ann do na daoine agus teaghlaigh seo. Tá súil agam go n-éistfidh an Rialtas lenár rún.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.