Dáil debates
Wednesday, 9 October 2024
Planning and Development (An Taisce) Bill 2024: Second Stage [Private Members]
10:50 am
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
D’fhreastail mé ar chruinniú de chuid BÁNÚ aréir i Ros Muc agus bhí breis agus 100 duine ann. Bhí daoine ag plé cúrsaí pleanála agus bhí fearg le braith sa seomra sin. Tuigim dóibh cén fáth mar gheall nach bhfuil aon duine i gConamara in ann teach a thógáil, a cheannach nó a fháil ar cíos. Tá ceithre éileamh ag BÁNÚ. Is iad na héilimh atá aige ná go mbeadh cumhacht reachtúil ag Údarás na Gaeltachta chun déileáil le cúrsaí tithíochta. Chuir Sinn Féin €10 milliún sa bhuiséad malartach a bhí againn mar airgead caipitil d’Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tá BÁNÚ ag éileamh go mbeadh tacaíocht deontais á tabhairt do chainteoirí Gaeilge. Bhí na deontais seo ann ó 1929 agus cuireadh stop leo in 2009 mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais. Ní féidir a rá go bhfuil géarchéim airgeadais ann faoi láthair áfach. Chomh maith leis sin, tá BÁNÚ ag rá go gcaithfear na dréacht-threoirlínte pleanála a fhoilsiú láithreach. Tá an tAire Stáit sa ról seo le ós cionn ceithre bliana anuas anois. Tá sé ráite linn go fíormhinic go bhfoilseofar na treoirlínte seo. Níl siad foilsithe, tá siad ag teastáil agus tá siad ag teastáil láithreach.
Chomh maith leis sin, tá BÁNÚ ag rá go gcaithfear srian a chur le líon na dtithe saoire atá sa cheantar mar gheall nach bhfuil daoine óga in ann teacht a cheannach nó a fháil ar cíos. Tá a fhios againn, agus chuala muid oíche aréir é i Ros Muc, go bhfuil daoine ag teacht isteach. Tá go leor airgid acu agus is féidir leo tithe a cheannach gan morgáiste. Ní féidir le gnáthmhuintir Chonamara dul i comórtas leis sin. Ní féidir mar nach bhfuil an t-airgead ann.
Chomh maith leis sin, sheol BÁNÚ feachtas nua oíche aréir agus tá sé á sheoladh arís inniu i Ráth Chairn. Tá BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge ag teacht le chéile ar an bhfeachtas seo, Tinteán. An fáth go bhfuil sé sin ann ná go bhfuil bánú á dhéanamh ar na ceantracha Gaeltachta mar gheall nach bhfuil daoine in ann fanacht sna ceantracha sin agus a gcuid clainne a thógáil mar gheall nach bhfuil tithíocht ann.
Tá an locht anseo ar an Rialtas. Tá sé tar éis a rá go bhfuil sé chun na treoirlínte pleanála sin a fhoilsiú. Níl siad ann. Níl siad feicthe againn. Mothaím anois nach bhfuil an Rialtas chun é sin a dhéanamh go dtí go bhfuil an toghchán ar siúl nó ina dhiaidh mar gheall nach bhfuiltear ag iarraidh é a phlé. Tá Sinn Féin ag rá go soiléir go gcaithfear na treoirlínte a fhoilsiú láithreach; go dteastaíonn comhairliúchán poiblí maith le muintir na Gaeltachta; agus ansin i dtréimhse bliana go gcaithfear na treoirlínte ina iomláine a fhoilsiú.
Tá mé buartha faoin mBille pleanála atáimid ag vótáil air anocht. Ní mhothaím go bhfuil sé sách láidir do na ceantracha Gaeltachta. Tá a fhios againn go bhfuil géarchéim ann. Caithfimid dul i ngleic léi. Impím ar an Aire éisteacht le muintir BÁNÚ, leis an bhfeachtas Tinteán, le muintir na Gaeltachta agus muintir Chonamara agus leis an méid a bhí le rá acu oíche aréir. Impím air éisteacht leo agus rud éigin a dhéanamh faoi.
No comments