Dáil debates
Wednesday, 2 October 2024
Financial Resolutions 2024 - Financial Resolution No. 5: General (Resumed)
6:55 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Níl aon duine eile anseo ag ofráil. Is é seo buiséad deireanach ó Rialtas nach raibh in ainm is a bheith ann ar an gcéad dul síos. Is cuimhin liom an Teachta Micheál Martin ag rá nach mbeadh sé go maith don tír dá mbeadh Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile. Tháinig siad le chéile agus tá an tír tar éis dul in olcas ó tharla sé sin. Chonaic muid an reaction don bhuiséad ó Chonradh na Gaeilge i Tuairisc.ie ar maidin. Dúradh go raibh uaillmhian ar lár agus gur buiséad suarach é seo. Tá cur chuige an Rialtais ó thaobh na Gaeilge de tubaisteach.
Chuala mé an tAire Stáit, an Teachta Byrne, ag maíomh go raibh réabhlóid déanta ag an Rialtas seo maidir lenár dteanga dhúchais. Níl a fhios agam cén pláinéad ar a bhfuil sé ina chónaí má cheapann sé gur réabhlóid é seo ó thaobh an chur chuige maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht sa cháinaisnéis mar tá céatadán níos lú den Státchiste á chaitheamh ar an nGaeilge ná mar a bhí ó 2021 i leith. Is ón Aire Airgeadais nua, an iarAire Stáit le freagracht as an nGaeltacht, an Teachta Chambers, atá sé seo ag teacht. Shíl muid ar fad gurbh fhéidir go mbeadh spéis éigin aige in airgead breise a chur i dtreo na Gaeilge ach tá an tAire ag bronnadh na suime céanna in ardú ar bhuiséad iomlán don Ghaeltacht, pleanáil teanga, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus na seirbhísí teanga ar fad eile agus atá sé ag bronnadh ar an Aire, an Teachta Foley, chun íoc as púitsí do ghutháin phóca, is é sin €9 milliún. Is é sin an suim iomlán don Ghaeltacht agus TG4 san áireamh. Tá an tAire ag tabhairt an mhéid cheannann chéanna don Aire Oideachais i leith na bpúitsí.
Is léir an meas atá ag an Aire, an Teachta Chambers, ar an nGaeilge muna bhfuil sé sásta níos mó a chaitheamh ar an nGaeilge i gcomhthéacs na géarchéime atá ann agus ísliú ag teacht ar an líon daoine atá ag caint na Gaeilge ó dhúchas sa Ghaeltacht agus ar an líon leanaí atá ag freastal ar scoileanna Gaeilge den chéad uair le tamall maith de bhlianta. Ní réabhlóid é sin. Is sa mhalairt de threo atáimid ag dul. Gheall an tAire, an Teachta Foley, agus an Rialtas seo go mbeadh dúbailt ar líon na bpáistí sa Ghaeloideachas ach, mar a dúirt mé, is titim atá ann. Phléasc líon na ndíolúintí chomh maith céanna. Níl pingin ar bith curtha ar leataobh don Ghaeloideachas ná d'aon rud eile sa bhuiséad seo.
Maidir leis na healaíona, I do not know what the budget says about the arts. A lot more could have been done. There could have been a lot more directed investment, particularly for the Arts Council. In Sinn Féin's alternative budget, we set out an extra €20 million for the Arts Council. It is only getting an extra €6 million, which is €14 million less than what we had budgeted for and outlined. That was an abysmal absence of ambition as regards the arts. On top of that €20 million, we also sought to ensure that there would be an activity card for every child to ensure that young people would be involved in arts and sports. We also set out how we would save Moore Street for the future to give us that cultural quarter in Dublin. We would have embarked on an ambitious 50-point plan to start properly addressing the arts, the failure to make proper investment in the arts and the need to substantially increase the money provided for the arts and our vision for them to ensure the creativity of our society is enhanced.
No comments