Dáil debates

Thursday, 19 September 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:00 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Pléitear ceist na tithíochta ag cruinnithe rialta idir feidhmeannaigh an údaráis agus feidhmeannaigh na Roinne agus tuigtear dom go bhfuil obair leanúnach ar siúl ag foireann an údaráis leis na geallsealbhóirí ábhartha eile. Mar a thuigim ón údarás, cheadaigh bord an údaráis €250,000 d'obair chomhairleoireachta agus taighde ag a chruinniú i mí na Nollag 2023. Ag eascairt as sin, choimisiúnaigh an t-údarás taighde neamhspleách maidir le soláthar agus éileamh ar thithíocht sa Ghaeltacht. Tá an taighde sin déanta anois agus foilsíodh na torthaí le gairid.

Léiríonn an taighde na torthaí seo a leanas. Tá an ráta áitíochta níos ísle sa Ghaeltacht, ag 71% ardaithe ó 69% i 2011, ná an ráta náisiúnta de 87%. Ag féachaint ar an ráta áitíochta sna Gaeltachtaí, is i nGaeltacht na Mí atá ag 92%, i nGaeltacht na Gaillimhe atá ag 83%, agus i bPort Láirge atá 80%, atá na leibhéil is airde. Tá an céatadán de thithe folmha sa Ghaeltacht, ag 11%, níos airde ná an sciar náisiúnta atá ag 8%.

Tá níos mó na cúig oiread de thithe saoire sa Ghaeltacht ná sa tír i gcoitinne mar sciar den stoc tithíochta iomlán. Tá an sciar is airde de thithe saoire le fáil i nGaeltachtaí Chiarraí agus Dhún na nGall. Tá níos mó ná 40% de na tithe i gCiarraí theas, Toraigh agus i dtuaisceart Dhún na nGall ina dtithe saoire agus muid ag féachaint ar na limistéir pleanála teanga.

Tá obair chomhairleoireachta ar siúl chomh maith ar an trí shuíomh atá aitheanta sa chéim seo den togra sa Rinn, Contae Phort Láirge; ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe; agus ag tithe i gCarraig a tSeiscin, i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall. Beidh an taighde agus an obair chomhairleoireachta ar an trí shuíomh ag teacht chun críche sa bhfómhar agus beidh bord an údaráis in ann measúnú a dhéanamh ar mhúnlaí agus ar an gcéad chéim eile, agus cinntí a dhéanamh bunaithe ar aiseolas na ngeallsealbhóirí ábhartha ag an tráth sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.