Dáil debates

Thursday, 11 July 2024

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage

 

3:50 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is iontach go bhfuil sé sin déanta agus go bhfuil sí ann. Na pointí a rinne an t-iarchathaoirleach de chuid Údarás na Gaeltachta, bhí sí sásta go raibh ionadaíocht ann ó na ceantair ar fad. Go dtí sin, bhí ar na Gaeltachtaí beaga duine a chuir ann dhá bhliain nó rud mar sin. Tá deireadh leis sin. Dhírigh sí ar chumas teanga: "Is bunriachtanas é go mbeadh ar chumas chomhaltaí Boird an Údaráis a gcuid gnó a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge." Is dócha go mbeidh rialacháin nó caighdeán i gceist. Dhírigh sí isteach air sin. I measc rudaí eile ar dhírigh siad isteach orthu, do luaigh sí B2 agus caighdeán eile.

Tagraím do chothromaíocht inscne arís. Chun a bheith féaráilte don Aire Stáit, bhí deacrachtaí againn córas a oibriú amach chun a cinntiú go mbeadh cothromaíocht inscne i gceist. Tá a fhios agam go bhfuil dualgas ar an rialtas cinntiú go mbeidh mná i gceist le 40% de gach bord Stáit. Ní mór a dheimhniú go mbeidh sé sin i gceist.

Mar fhocal scoir, bíonn mé i gcónaí idir dhá chomhairle ó thaobh na teanga de. Fuaireamar bileog eolais ó thaobh an Bhille seo ón Roinn. Bhí sé iomlán i mBéarla.

Tá sé agam anseo. Buíochas le Dia as gluais na mBillí a thugann cabhair dúinn. Tá sé i gcónaí deacair labhairt go líofa i nGaeilge gan an téarmaíocht. Scríobh muid ar ais chuig an Roinn. Fuair muid acknowledgement ach ní bhfuaireamar aon bhileog trí Ghaeilge. Tharla rud eile ó thaobh na Gaeilge de inné. Tá dea-thoil i ngach áit sa bhfoirgneamh seo ach níl an córas ag coinneáil suas leis an dea-thoil sin ó thaobh gach cáipéis a bheith trí Ghaeilge. Chualamar Teachtaí Dála ag caint inniu trí Ghaeilge nár chualamar riamh. Is maith an rud é sin. Is dóigh go bhfuil easpa muiníne i gceist. Thosaigh an Cathaoirleach Gníomhach i nGaeilge freisin. Is iontach an rud é go bhfuil Teachtaí Dála ag baint úsáid as an nGaeilge ach tá gá le cabhair. Bhí sé de phribhléid agam a bheith mar chathaoirleach ar fhochoiste um chur chun cinn na Gaeilge sa Dáil. Bhí moltaí praiticiúla againn a bhí feiliúnach do mo chomhghleacaithe agus do na maoir ar an talamh ach níl a fhios agam cá bhfuil an fecking tuarascáil sin. Gabh mo leithscéal as sin ach níl a fhios agam. Tá sé áit éigin ach níl a fhios agam cén áit.

Fáiltím roimh an mBille ach is gné bheag den mhéid atá ag teastáil bunaithe ar aitheantas go bhfuil staid na Gaeilge agus na nGaeltachtaí thar a bheith goilliúnach. Ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Is í seo an fhuinneog dheireanach atá againn chun déileáil leis na dúshláin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.