Dáil debates
Thursday, 11 July 2024
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage
3:40 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá an t-am ag sleamhnú. Tá mé ag caint faoin Seirbhís Leabharlainne agus Taighde agus níl locht ar bith ar an bhfoireann. An rud atá á rá acu ná nach raibh am acu na mionsonraí a scrúdú. Ní raibh siad in ann a rá, maidir leis an 22 moladh a scríobh baill an choiste, cé mhéad dóibh a ghlac an Rialtas leo. Tá an chosúlacht ar chúrsaí nár ghlac an Rialtas le formhór na moltaí. De ghnáth, déanann foireann na seirbhíse obair iontach ag cur in iúl dúinn gur glacadh nó nár glacadh leis na moltaí. Ach laistigh den am a bhí srianta, ní éirí leo é sin a dhéanamh.
Chuir siad cúlra an ruda in iúl dúinn, mar a rinne an tAire Stáit féin. In 1979, ainmnigh an tAire ag an am sé bhall. Ag dul ar aghaidh go dtí 1999, 17 a bhí i gceist agus bhí toghchán ann. Seachtar déag a bhí tofa ag an am sin agus triúr ball ainmnithe ag an Aire. Ag dul ar aghaidh ansin go dtí 2012, bhí deireadh leis na toghcháin faraor. Mar sin táimid ar ais arís inniu agus táimid ag caint faoi 16 ball. Ní leor é sin. Níl mé sásta leis sin. Tá an Roinn ag caint faoi deich mball a bheith tofa agus sé bhall a bhéas ainmnithe. Beidh an chumhacht ag an Aire Stáit, an Teachta Byrne, nó cibé cén Aire atá ann, cathaoirleach an bhoird a ainmniú agus níl mé sásta leis sin ach an oiread. Is céim chun cinn é go bhfuilimid anseo. Is céim chun cinn é go mbeidh toghchán ann. Tá obair ollmhór os comhair an choiste fós ó thaobh sonraí agus ó thaobh leasuithe de.
Is rud maith é don chéad uair go mbeidh, ar a laghad, cumhacht ag an údarás díriú isteach ar chúrsaí tithíochta ach is i mbealach thar a bheith srianta atá an chumhacht seo á ceadú. Táimid ag tabhairt cumhachta don údarás fáil réidh le talamh atá aige. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, níl mé iomlán sásta leis sin. Tá mé sásta leis an gcoincheap go mbeadh an t-údarás in ann déileáil le cúrsaí tithíochta. Is údar díomá é dom nár tharla sé sin roimhe seo. Ceapaim go raibh cumhachtaí ag an údarás roimhe seo. Bhí sé in ann déileáil leis na húdaráis áitiúla ó thaobh cúrsaí tithíochta de ach go háirithe agus níor bhain sé úsáid as an deis sin. Anois beidh bealach ag an údarás é sin a dhéanamh. Tá sé ag díriú isteach ar thogra píolótach faoi láthair agus is maith an rud é sin.
Tá neart talaimh agus neart foirgneamh ann agus tá siad ábalta talamh eile a cheannach. Níl muid ag tabhairt aon chumhachta dóibh é sin a dhéanamh. Beidh muid ag breathnú air sin ar an gcomhchoiste.
Arís, is maith an rud é go bhfuil na coistí réigiúnacha ag teacht ar ais ach beidh muid ag plé sin ag an gcoiste freisin. An mbeadh sé níos fearr na coistí sin a bheith a bunaithe ar chúige seachas ar réigiún? Tiocfaidh muid ar ais chuige sin. Is maith an rud go mbeadh ionadaíocht bhuan ag gach Gaeltacht ar an údarás nua ach ag an am céanna, moladh a rinneamar - tiocfaidh mé go dtí na moltaí i gceann nóiméid - ná go mbeadh ionadaíocht ag na Gaeltachtaí beaga. Níl sé sin tarlaithe. Bhí de bhuntáiste ag an gcoiste taisteal timpeall na tíre agus seasann Uíbh Ráthach amach. D'impigh an mhuintir orainn go beadh ionadaíocht acu ar an údarás agus níl sé sin tarlaithe.
Ó thaobh na moltaí de, bhí 22 ann, mar a dúirt mé, agus b'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit in ann a rá cé mhéad moladh, mar de réir mar a thuigim agus a fheicim agus de réir mo thuisceana, níl formhór na moltaí seo tógtha san áireamh. An chéad cheann, mar a luaigh mé agus Uíbh Ráthach mar shampla agam, ná go mbeadh ionadaíocht ag na Gaeltachtaí beaga. Níl sé sin tarlaithe. Ceann eile ná go mbeidh na baill uilig tofa. Níl sé sin tarlaithe. Rachaidh mé díreach go dtí an ceann deireanach, moladh Uimh. 22, mar tá sé tábhachtach freisin. Is éard a mhol an comhchoiste ná:
Molann an Comhchoiste go gcláróidh an tAire Údarás na Gaeltachta mar údarás réigiúnach speisialta, faoin gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil de chuid Chomhairle na Eorpa.
Mhol sé go mbeadh stádas faoi leith i gceist. Is fiú breathnú air sin.
Tá moltaí eile ó thaobh acmhainní. Mar a dúirt an Cathaoirleach, is rud amháin é dea-thoil agus is maith an rud go bhfuil dea-thoil ann. Tá neart dea-thola ar an gcoiste chun obair leis an Aire Stáit, ach ní leor é sin. Tá gá le hacmhainní atá cuí don fheidhm. Tá dualgais thromchúiseacha ar Údarás na Gaeltachta i gcomparáid leis an IDA nó Enterprise Ireland. Tá dualgais bhreise orthu ó thaobh chúrsaí fostaíochta, chúrsaí teanga agus chúrsaí pobail. Go dtí seo, faraor, i mo thuairim, agus tá ardmheas agam ar Údarás na Gaeltachta, bhí sé dírithe go huile is go hiomlán ar chúrsaí fostaíochta agus tá sin thar a bheith tábhachtach. Ní bheadh aon Ghaeltacht ann gan fhostaíocht. Ach rinne siad neamhaird ar chúrsaí tithíochta agus chúrsaí teanga. Arís, tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair ó thaobh na monarchana a thagann faoi chúram Údarás na Gaeltachta ó thaobh thionchar teanga. Mar a dúirt mé, tá togra píolótach ar siúl ó thaobh chúrsaí tithíochta, ach tá gá le tuilleadh. Fágfaidh mé na sonraí agus beidh an coiste ag dul tríd an mBille go sonrach agus beidh leasuithe i gceist. Ach nuair a tháinig dreamanna os ár gcomhair, chuaigh gach dream go mór i bhfeidhm orainn. Chuaigh Gearóid Ó Tuathaigh i bhfeidhm orm go pearsanta. Nuair a tháinig sé os ár gcomhair breis agus bliain ó shin, dúirt sé:
Glacaim leis gurb é is cuspóir ag an leasú seo, cur le héifeachtacht Údarás na Gaeltachta i gcomhlíonadh a chuid dualgas agus cúram: mar atá, an bunphobal Gaeltachta a neartú agus a bhuanú.
Ansin, dúirt sé:
Baineann an leasú seo le gné amháin den mhór-chuspóir seo; sé sin, gné an rialachais. Go sonrach, baineann an leasú leis an bpróiseas ceapacháin chuig an tÚdarás, le ballraíocht agus comhdhéanamh Bhord an Údaráis.
Tá sé sin admhaithe againn go léir. Is í sin brí an Bhille. Arís, is gné theoranta agus bheag de fheidhmiú an údaráis í sin. Lean sé ar aghaidh ina chaint faoin mBille, ach i gcomhthéacs mar tá muid ag caint i bhfolús, gan trácht ar na dúshláin atá os comhair na nGaeltachtaí uilig, ní amháin ó thaobh tuilleadh cumhachta a thabhairt don údarás. Chuir sé é go gearr gonta agus dúirt: "síor-chreimeadh na Gaeltachta". Dúirt sé freisin: "ní féidir ... a mheas ‘in vacuo’" agus cuireann sé comhthéacs:
síor-chreimeadh na Gaeltachta, mar bhunphobal teanga, thar thréimhse fhada, an próiseas creimthe ag brostú go síoraí seasta le breis is leathchéad bliain...
Leanann sé ar aghaidh agus ba chóir go mbeidh seo már thúschéim na díospóireachta:
Cumhachtaí agus cúraim an Údaráis: ar leor iad nó an bhfuilid lán-oiriúnach chun dul i ngleic le géarchéim phráinneach na Gaeltachta agus chun bun-chuspóir an Údaráis sa bhfad-théarma (i.e. neartú agus buanú an bhunphobail teanga) a bhaint amach?
Chuir sé an Bille i gcomhthéacs agus na dúshláin atá os comhair na nGaeltachtaí faoi láthair agus iad faoi bhrú.
Sheas gach dream amach, ach tá mé ag piocadh na rudaí a ndeachaigh go mór i bhfeidhm orm. Chuir an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin an rud i gcomhthéacs freisin i mí Bealtaine 2023:
Is é an ní is suntasaí faoi staid chomhaimseartha na Gaeltachta ná an leisce fhorleathan i measc an Státchórais an fhírinne lom a admháil. ... Ní fhéadfadh rath a bheith ar chóras nach bhfuil bunaithe ar dhiagnóis stuama ar an bhfadhb a bhfuiltear i ngleic léi. In ainneoin na dtacaíochtaí oifigiúla ar fad [tá a lán tacaíochtaí i gceist], tá an pobal agus a gcuid foras sáinnithe i bhfáinne fí an dul amú oifigiúil – séantar an fhadhb agus cuirtear bac ar bheartas ciallmhar in aghaidh na faidhbe! ... Go simplí faoi réir cúinsí reatha sóisialta an status quo, níl an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana.
Nílim ag rá sin chun eagla a chothú. Táim ag rá sin chun comhthéacs a thabhairt. Is gné thábhachtach amháin í seo. I measc na dreamanna eile a tháinig os ár gcomhair, tháinig dream ó Chois Fharraige. Agus arís, chuir siad fáilte roimh an mBille ach dhírigh siad isteach ar chúrsaí tithíochta. Ansin tháinig iarchathaoirleach an údaráis os ár gcomhair. Ní mór dom a rá go bhfailtím roimh an ainmniúchán atá déanta agus cathaoirleach nua. Is tús maith le cothromaíocht inscne é. Tá súil agam go leanfaidh sibh ar aghaidh.
No comments