Dáil debates

Tuesday, 9 July 2024

Residential Tenancies (Amendment) (No. 2) Bill 2024: Second Stage

 

5:45 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an mBille seo. Tá sé tábhachtach go bhfuil sé os ár gcomhair inniu. Tá sé ríthábhachtach go ndéileálann muid le ceisteanna mar seo nuair a thagann siad chun cinn. Bíonn siad ró-mhinic sa chúlra agus ní phléitear leo chomh tapa is a bhféadfaí. Molaim gach éinne a bhí gafa leis an mBille seo a thabhairt chun tosaigh. Molaim iad siúd atá ag déanamh iarracht a chinntiú go mbeidh sé rite roimh an samhradh agus achtaithe chomh tapa agus is féidir ionas nach mbeidh sé de dhíth ar níos mó mic léinn íoc as 51 seachtain in áit an 41 a bhí ann go dtí seo. Is costas breise atá ansin. Ní gá go mbeadh costais breise curtha ar mhic léinn anuas ar na costais atá curthu orthu cheana féin. Ní hé go bhfuil na lóistín seo saor in aon chor - ní gá ach féachaint ar na figiúirí a bhíonn á lorg i mo cheantar féin chun é sin a chruthú. Go minic bíonn breis is €1,300 nó €1,400 i gceist. Níl an t-airgead sin ag na mic léinn. Tagann a lán acu ó thar lear. Nuair a bhíonn siad anseo, uaireanta bíonn orthu obair níos faide ná mar ba chóir go mbeidís i rith na seachtaine, le déanamh cinnte go bhfuil an t-airgead acu le híoc as a gcuid lóistin.

Sa deireadh thiar thall, tá an locht ar na vulture funds atá ag iarraidh níos mó airgid a tharraingt as na mic léinn ná mar ba chóir. Ní gá dóibh é seo a dhéanamh. Thuig siad i gcónaí gur 41 seachtain a bhí i gceist, ach d'aithin siad seans níos mó brabúis a dhéanamh agus thapaigh siad an deis léasanna 51 seachtain a bhrú ar na mic léinn. De bharr an easpa spáis atá ann - an easpa lóistín atá ar fáil do mhic léinn sa chathair seo agus i gcathracha eile - go minic bhí orthu siniú le haghaidh 51 seachtain. Is é sin an fáth go bhfuil sé go maith go bhfuil sé seo ag tarlú, go bhfuilimid ag cuidiú le mic léinn agus sa deireadh thiar thall go bhfuilimid ag tabhairt teachtaireacht do na vulture funds nach bhfuilimid sásta glacadh leo. D'fhéadfadh teachtaireacht i bhfad níos tapúla a chur amach trí cháin ceart a chur ar na vulture funds, deireadh a chur le haon lascainí cáin atá á fháil acu, agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil siad ag íoc an cáin céanna is atá gnáthphobal na hÉireann agus na gnáthchomhlachtaí atá ag obair in Éirinn. Tá sé go maith go bhfuil an t-aitheantas sin ann. Tá sé go maith freisin, i roinnt cásanna ina bhfuil mic léinn ag iarraidh fanacht sa lóistín ar feadh 51 seachtain nó fiú níos faide, go dtuigeann siad go bhfuil an seasmhacht sin i gceist nuair atá siad ag lorg lóistín. Aithníonn an reachtaíocht seo é sin agus rudaí eile chomh maith.

Aithnítear sa reachtaíocht seo freisin gur ghá cosaintí breise a thabhairt do mhic léinn ionas nach féidir le haon ceann de na vulture funds seo bogadh ina gcoinne. Luaigh an tAire nach féidir leo breis airgid a lorg nuair atá an léas ag tosnú, agus nach féidir leo dhá mhí, trí mhí nó ceithre mhí de chíos a lorg chun tosaigh. An t-aon fáth go mbeadh aon duine ag déanamh sin ná chun tarraingt ón airgead atá ag mic léinn faoi láthair. Tá fhios agam go bhfuil brú ann i ngach uile áit i mBaile Átha Cliath le haghaidh lóistín do mhic léinn agus níl aon rud difriúil i mo cheantar féin. Tá an choimhlint sin idir ionaid lóistín do mhic léinn agus an gnáthphobal sna Liberties. Tá an iomarca lóistín ar fad tógtha do mhic léinn, seachas tithíocht don ghnáthphobal. Tá an teannas sin ann idir lóistín do mhic léinn agus an éileamh ar ghnáth-thithíocht don phobal toisc go mbíonn an pobal sin ag iarraidh go bhfuil sustainable housing i gceist seachas go mbeidh daoine ag bogadh an t-am ar fad, rud a tharlaíonn nuair atá mic léinn ann. Tá gá le lóistín mac léinn i go leor ceantar, áfach. Tá leithéidí Griffith College agus NCAD i mo cheantar féin agus tá gá le níos mó lóistín dóibh. Níl mé go hiomlán ina choinne ach caithfear pleanáil cheart a dhéanamh agus struchtúr ceart a bheith ann. Is é sin an fáth go bhfuil sé go maith go bhfuil brú á chur ar na hinstitiúidí féin faoi dheireadh thiar thall tógáil a dhéanamh agus lóistín a chur ar fáil ionas nach mbeidh siad ag brath ar na vulture funds atá ann.

Más féidir leis in aon chor, molaim don Aire tacaíocht a thabhairt don Bhille atá mo chomrádaí anseo tar éis a chur chun cinn, the Residential Tenancies (Amendment) Bill 2024, a dhéileálann le ceist na digs agus é sin ar fad. Tá sé thar am againn cinnte a dhéanamh de go bhfuil seasmhacht agus cosaintí ar fáil do mhic léinn, rudaí nach raibh ann i gcónaí ach a bhfuil gá leo sa domhan ina bhfuilimid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.