Dáil debates

Wednesday, 19 June 2024

Hospitality and Tourism Sector: Motion [Private Members]

 

10:50 am

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Nuair atáimid ag caint ar chúrsaí turasóireachta, ar ndóigh caithfimid caint ar na hoileáin amach ón gcósta freisin. I mí Iúil, téann thart ar 3,000 turasóir in aghaidh an lae chuig Inis Oírr mar is breá leo é. Tuigim é sin. Is breá liomsa Inis Oírr chomh maith. Ach caithfimid breathnú ar an infreastruchtúr atá ann do na daoine atá ina gcónaí ann agus do na turasóirí atá ag teacht chuile lá. Chuile shamhradh, ó mhí Aibreáin nó mí na Bealtaine go dtí Meán Fómhair, bíonn srianta uisce ann ó 11 p.m. go dtí 7 a.m. Is léir go dteastaíonn infheistíocht chuí i gcúrsaí uisce thall ansin agus sa chóras séarachais chomh maith. Nuair a ardaítear an cheist seo le hUisce Éireann, deireann sé linn nach féidir leis insint dúinn cén costas atá ar an uisce a fháil ón mórthír don oileán chuile shamhradh. Ní deireann sé é sin linn. In 2017, nuair a cuireadh ceist air faoi seo, dúirt Uisce Éireann nár cheap sé gur réiteach fadtéarmach é an t-uisce a fháil ón mórthír don oileán. Is léir go dteastaíonn infheistíocht chuí sa chóras uisce agus sa chóras séarachais láithreach. Impím ar an Aire Stáit agus ar an Rialtas é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.