Dáil debates

Thursday, 30 May 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Cúrsaí Tithíochta

9:40 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Fáiltím go bhfuil sraith cruinnithe i gceist agus tugaim suntas go bhfuil an eagraíocht seo le teacht ar ais le tuilleadh fianaise. I ndáiríre, níl a fhios agam cén fáth a bhfuil tuilleadh fianaise i gceist. Tá sé ráite go mion minic ag gach Teachta Dála ar an taobh seo den Dáil go bhfuil géarchéim tithíochta i gceist. Tá mé ag breathnú anois ar na bhfocail a dúirt an tAire Stáit: “Tá na treoirlínte le foilsiú ag an Roinn tithíochta go luath”. Cé nach mbaineann sé sin leis an Aire Stáit, baineann i ndáiríre. Ag dul siar, bhí grúpa idir-rannach i gceist chun oibriú le cheile ó thaobh na ndeacrachtaí atá ag teacht chun solais lá i ndiaidh lae. Ta eagraíocht breise anois ann, is í sin, BÁNÚ, anuas ar eagraíocht eile, ag rá linn go bhfuil géarchéim ann agus go bhfuil gá le beart de réir ár mbriathar. Arís, tá orm é a rá. Is é atá i gceist ná rud chomh bunúsach le treoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú agus ag dul ar ais-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.