Dáil debates

Wednesday, 15 May 2024

Road Safety and Maintenance: Motion [Private Members]

 

11:00 am

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Páirtí an Lucht Oibre as an rún seo a chur os comhair na Dála. Ar ndóigh, tuigeann muid cé chomh dona is atá rudaí ar na bóithre faoi láthair agus tá sé fíorthábhachtach go ndéanfadh muid chuile shórt gur féidir linn chun stop a chur le líon na ndaoine atá ag fáil bháis ar na bóithre faoi láthair. Má bhreathnaíonn muid ar Ghaillimh, feiceann muid go bhfuil líon na ndaoine ag ardú agus caithfidh mé a rá go bhfuil muid ar fad ag smaoineamh ar na teaghlaigh atá acu féin agus ar ndóigh ar chuile dhuine a chaill duine éigin ar na bóithre. Nuair atá muid ag caint ar bhóithre agus ar shábháilteacht ar na bóithre, caithfidh muid breathnú ar chuile shórt ina iomláine.

Tá a fhios agam go dtuigeann an tAire Stáit, an Teachta Chambers, go maith cé chomh dona is atá roinnt de na bóithre i gConamara óna chuid ama mar Aire Stáit na Gaeltachta. Bhí mé féin amuigh arís ag bóthar Chuan na Loinge. Tuigeann muid ar fad na deacrachtaí atá ansin ach go háirithe. Tá airgead tugtha i gcomhar stáidéar féidearthachta, ach i ndáiríre an rud a theastaíonn faoi láthair ná go gcuirfear airgead isteach sna bóithre sin. Tuigeann muid go mbíonn tuilte ann ag bóthar Chuan na Loinge agus mar gheall air sin, ní bheadh otharcharr in ann dul tríd an uisce sin. Ní féidir le daoine dul chuig an obair mar gheall go bhfuil na tuilte chomh dona sin. Má bhreathnaíonn muid ar na bóithre iad féin, feiceann muid go bhfuil an dromchla ag titim as a chéile agus go bhfuil líon na bpoll ag ardú. Níl an t-airgead ag an gcomhairle contae chun déileáil leis sin. Chomh maith leis sin, tá roinnt chéibheanna ann nach bhfuil aon chineál barrier ann agus tá sin fíordhainséarach freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.