Dáil debates

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

 

12:40 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é an Tánaiste ceannaire Fhianna Fáil. Is é an chéad chinneadh atá glactha ag an Aire Stáit úr ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht ná toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt siar. Tá sé sin náireach agus scannalach. Ní bheidh toghcháin Údarás na Gaeltachta anois ag tarlú ar 7 Meitheamh leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha mar a bhí geallta ag páirtí agus Rialtas an Tánaiste. Mar a dúirt mé, tá sé scannalach. Ag tús 2023, foilsíodh ceannteidil Bhille le daonlathas a thabhairt ar ais go dtí an Ghaeltacht. An tseachtain seo, d'fhoilsigh an Rialtas na ceannteidil arís. Bhí a fhios aige ó seacht mí ó shin go raibh folúntas ar bhord Údarás na Gaeltachta agus nach raibh cathaoirleach chun a bheith ar an mbord sin. Seacht mí ina dhiaidh sin, níl cathaoirleach againn go fóill. Tá ceist agam ar an Tánaiste. Cén uair a bheidh toghcháin ann do bhord Údarás na Gaeltachta? An bhfuil cliú ag an Tánaiste cén uair a bheidh toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.