Dáil debates

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

9:00 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an dea-ghuí a thug an Leas-Cheann Comhairle agus an Teachta dom ar maidin.

Ag a chruinniú den Mháirt, an 5 Márta 2024, ghlac an Rialtas cinneadh go ndréachtófaí, mar thosaíocht, an Bille um Údarás na Gaeltachta (leasú) agus forálacha ilghnéitheacha, 2024. Tá i gceist ag mo Roinn anois leanúint ar aghaidh le dréachtú an Bhille mar thosaíocht i gcomhar le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas. Foilsíodh ceannteidil leasaithe an Bhille ar shuíomh na Roinne ar an 16 Aibreán 2024. Is é príomhaidhm an Bhille an próiseas ainmniúcháin agus roghnúcháin reatha faoina rialaítear ceapacháin ar bhord Údarás na Gaeltachta a athrú go próiseas nua toghcháin agus roghnúcháin. Neartaíodh agus leathnaíodh go mór na forálacha leasaithe sa scéim ghinearálta i gcomparáid leo siúd a cuireadh i láthair i scéim ghinearálta Bhille Údarás na Gaeltachta (leasú), 2022.

Tá forálacha breise ar fáil sa reachtaíocht bheartaithe a dhéanann cur síos ar nósanna imeachta do chomhaltaí boird a bheidh ag baint leasa as saoire reachtúil, chun folúntais ócáideacha a líonadh agus chun neamhláithreachtí ó chruinnithe boird a láimhseáil. Chomh maith leis sin, beidh cead ag baill d'údaráis áitiúla a bheith ceaptha mar chomhaltaí do bhord an údaráis. Ní bheidh Comhaltaí Tithe an Oireachtais nó iad siúd a thoghfar mar ionadaithe i bParlaimint na hEorpa incháilithe chun bheith ina gcomhaltaí den bhord.

Foráiltear freisin sa scéim ghinearálta nuashonraithe do thrí choiste réigiúnacha in ionad an dá choiste a moladh sa bhun-scéim ghinearálta. Beidh na coistí seo comhdhéanta de chomhaltaí boird agus ionadaithe áitiúla ó na réimsí seo a leanas: i réigiún an tuaiscirt, beidh triúr comhalta tofa an údaráis ann don réigiún seo chomh maith le comhalta amháin ó gach ceann de chomhairlí contae Dhún na nGall agus Mhaigh Eo; i réigiún an iarthair agus an oirthir, beidh ceathrar comhalta tofa an údaráis ann don réigiún seo chomh maith le comhalta amháin ó gach ceann de chomhairlí contae na Gaillimhe agus na Mí; agus i réigiún an deiscirt, beidh triúr comhalta tofa an údaráis ann don réigiún seo chomh maith le comhalta amháin ó gach ceann de chomhairlí contae Chorcaí, Chiarraí agus Phort Láirge. Tá sonraí nua ó thaobh fheidhmeanna na gcoistí réigiúnacha seo sa scéim ghinearálta nua chomh maith.

Tá dáta na dtoghchán á choinneáil faoi athbhreithniú de réir mar a théann an obair dhréachtaithe ar aghaidh, ach níl aon dabht nach mbeidh na toghcháin ar siúl ar an 7 Meitheamh. Beidh mé ag déanamh teagmhálacha príobháideacha eile de bharr sin agus rinne mé cinneadh é sin a rá mar níl sé réadúil na toghcháin a bheith ar siúl ar an 7 Meitheamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.