Dáil debates

Thursday, 15 February 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

9:30 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an t-athbhreithniú ar phunann maoine na heagraíochta críochnaithe anois. Faoin athbhreithniú seo, rinneadh taighde maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an bpunann maoine sna seacht gcontae Gaeltachta. Tá an t-údarás anois i mbun cainteanna leis na cliant-chomhlachtaí atá mar thionóntaí aige maidir lena gcuid riachtanas do na blianta amach romhainn. Tá an t-údarás ag caint amach le cliaint nua atá ag iarraidh spás tráchtála a thógáil ar cíos. Is léir gur tosaíocht é do go leor tionóntaí na hoibreacha caipitil atá le déanamh ar fhoirgnimh s’acu. Cabhróidh an t-athbhreithniú seo leis an bpróiseas inmheánach pleanála atá beartaithe ag an údarás don dara ráithe i mbliana. Beidh sé mar bhunchloch ag an údarás d’aon fhorbairtí nua go mbeidh forbairtí tithíochta san áireamh.

Bíonn Údarás na Gaeltachta ag caint go leanúnach le cliaint reatha agus cliaint nua, údaráis áitiúla, soláthróirí seirbhísí agus dearthóirí ar mhaithe le tograí nua a thabhairt chun cinn. Is obair leanúnach a bhíonn i gceist leis seo. Tuigtear dom ón údarás go mbeidh deiseanna ann i gcomhthéacs an mhaoinithe bhreise a d'éirigh liom a fháil don eagraíocht i mbuiséad 2024 chun baill foirne breise leis na scileanna cuí a earcú chun an obair seo a bhrú chun cinn. Chomh maith leis seo, tá athbhreithniú déanta ag Údarás na Gaeltachta ar thograí tógála a d'fhéadfaí tosú sa ghearrthéarma, idir 2024 agus 2026. Tuigtear dom freisin go bhfuil an clár infheistíochta caipitil don bhliain 2024 aontaithe ag leibhéal bainistíochta san údarás chomh maith. Ar ndóigh, nuair atá aon choinne á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh a chuid mhaoinithe, bítear airdeallach i gcónaí ar an dualgas maidir leis an leas is fearr a bhaint as an acmhainn airgeadais atá ar fáil ón Státchiste. Bíonn ról faoi leith ag an mbord chun na moltaí cuí a ghlanadh ag leibhéal an bhoird.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.