Dáil debates
Thursday, 15 February 2024
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta
9:20 am
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source
: Faoi réir chinneadh an Rialtais ag deireadh 2022, aontaíodh gur próiseas toghcháin agus roghnúcháin a bheidh ann in áit an phróisis ainmniúcháin agus roghnúcháin atá i bhfeidhm faoi láthair mar a bhaineann sé leis an gcaoi a cheaptar Bord Údarás na Gaeltachta.
Faoin mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022 atá á bheartú chuige sin, is bord de 16 duine in áit 12 duine a bheadh ann nuair atá saolré an chéad bhord eile caite ag deireadh 2024. Faoin reachtaíocht leasaithe, in áit seachtar a bheith ainmnithe chuig an mbord ag na húdaráis áitiúla lena mbaineann, mar atá i bhfeidhm le deich mbliana anuas, thoghfaí deichniúr thar ceann na gceantar Gaeltachta agus cheapfaí an seisear eile de thoradh comórtas poiblí. Ar nós mar atá i bhfeidhm faoi láthair, is í nó é an tAire a cheapfadh cathaoirleach an bhoird.Tá obair leanúnach ag dul ar aghaidh ar an togra reachtaíochta seo agus tá ceannteidil agus scéim ghinearálta nua ina leith á n-ullmhú le cur os comhair an Rialtais le faobhadh go gairid.
Is ceist rí-thábhachtach í an comhionannas inscne domsa mar Aire agus caithfear gach uile iarracht a dhéanamh chun comhionannas inscne a bhaint amach ar gach bord Stáit. Tá mé eolach ar an gcáipéis a luann an Teachta agus is ar na comhthéacsanna sin a d'iarr mé go sonrach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge scrúdú a dhéanamh ar bhearta féideartha chun cothromaíocht inscne iomchuí a bhaint amach sa phróiseas roghnúcháin agus toghcháin nua-bheartaithe, i gcomhréir le beartas an Rialtais maidir le cothromaíocht inscne ar bhord Stáit.
Tá moltaí curtha faoi mo bhráid ag an gcomhchoiste ina thuairisc réamhreachtach ar an mBille a foilsíodh i mí Iúil seo caite. Tá na moltaí sin á mbreithniú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair. Tá an obair a bhaineann leis an mBille fós ag dul ar aghaidh d'fhonn na toghcháin a reáchtáil i Meitheamh 2024. Láidreoidh an reachtaíocht seo an nasc idir an pobal agus Údarás na Gaeltachta agus tabharfaidh sé glór láidir do mhuintir na Gaeltachta sna blianta amach romhainn.
No comments