Dáil debates

Thursday, 15 February 2024

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

9:10 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá soláthar iomlán d'os cionn €18.7 milliún i Meastacháin mo Roinne do chomhoibriú trasteorann le háirítear leathdhála ós cionn €18 milliún chun tacú le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin agus chun feasacht agus úsáid níos leithne na hUltaise agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn. Cuirfidh an Roinn os cionn €12.3 milliún ar fáil d'Fhoras na Gaeilge in 2024. Anuas air sin, tá €700,000 curtha ar fáil i mbuiséid 2024 don Fhoras Teanga Thuaidh-Theas. Cuirfear an maoiniú breise seo ar fáil don dá áisíneacht sa bhForas Teanga nuair a bheidh sé ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Leanfaidh oifigigh mo Roinne ag obair le hoifigigh sa Roinn Pobal i dTuaisceart na hÉireann, an Roinn urraíochta eile de chuid an Fhoras Teanga Thuaidh-Theas, agus anois go bhfuil na hinstitiúidí i dTuaisceart na hÉireann ar ais ag feidhmiú, tá súil agam gur féidir dul chun cinn a dhéanamh maidir le buiséid 2024. Leanfaidh mé ar aghaidh freisin ag féachaint ar dheiseanna tacaíochta aonuaire a thabhairt do thograí ar leith nach dtagann faoi scáthchlár an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.