Dáil debates

Thursday, 15 February 2024

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

9:10 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Mar a luaigh mé, agus mar a luaigh an tAire Stáit, i bhfreagra na ceiste ar an ábhar seo le déanaí, go dtí seo tá maoiniú dár luach €2 mhilliún ó chiste an oileáin chomhroinnte ceadaithe do mo Roinn trí chinneadh Rialtais. Mar is eol don Teachta, ceann de na haidhmeanna atá ag an tionscnamh oileáin chomhroinnte ná oiread leas agus is féidir a bhaint as na deiseanna ar fad a eascraíonn as Comhaontú Aoine an Chéasta. Táthar ag iarraidh comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán agus teagmháil a dhéanamh le gach pobal agus gach traidisiún in iarracht teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte. Tá oifigí mo Roinne ag plé le grúpaí éagsúla maidir le tograí féideartha atá ag teacht le spriocanna an tionscadail uile-rialtais. D'fhéadfadh go mbeadh na tograí seo oiriúnach le cur faoi bhráid an Rialtais amach anseo mar chuid de na cinntí faoi chaiteachas chiste an oileáin chomhroinnte.

Agus sinn ag freastal ar an bpobal uile, tá an maoiniú seo dírithe ar thionscadal in earnáil na Gaeilge agus na hUltaise araon, arís ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chothú ar oidhreacht teanga agus ar chultúr an oileáin trí chéile. Is céim an-dearfach í an infheistíocht bhreise seo lena dtugtar aitheantas don tábhacht atá leis an nGaeilge chomh maith leis an Ultais le Comhaontú Aoine an Chéasta agus beidh sí mar thaca aige sin. Neartóidh seo an caidreamh Thuaidh-Theas tuilleadh agus cuideofar chun caidrimh nua a chruthú agus a chothú idir pobail ar gach aon taobh den Teorann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.