Dáil debates

Tuesday, 13 February 2024

Road Traffic Bill 2024: Second Stage

 

5:10 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle. Creidim gur píosa reachtaíochta rí-thábhachtach atá anseo agus, mar a dúirt mo chara díreach romham, tá fadhbanna bunúsacha ann. Ní hé go bhfuilimid ag cur ina choinne ach ní fiú reachtaíocht a rith anseo ar an nós seo maidir le trácht sa chathair seo nó timpeall na tíre mura bhfuil An Garda Síochána chun a dhéanamh cinnte de, má tá daoine ag briseadh an dlí, agus dlí na mbóithre go háirithe, go bhfuil an Garda ag cur an dlí sin i bhfeidhm agus go bhfuil sraith pionós nó fíneálacha i gceist. Tá siad i gceist ach tá siad in aice le dlí atá ann cheana féin. Feicimid lá i ndiaidh lae nach bhfuil ag éirí linn mar shochaí, agus níl an locht ar an Garda Síochána nach bhfuilimid ag déanamh cinnte de go bhfuil daoine i bhfad Éireann níos cúramaí ar na bóithre ná mar ba chóir.

Tá dainséar mór ann má dhéanaimid athruithe mar seo nach gcloífidh daoine leo agus gur cuma sa tsioc le roinnt daoine toisc nach bhfuil An Garda Síochána ag breith orthu agus iad ag briseadh an dlí, agus go bhfuil ag éirí leo an dlí a bhriseadh de shíor.

Is é an rud atá i gceist anseo ná a dhéanamh cinnte de go bhfuil an dlí i gceart maidir le tástáil ar dhrugaí, ar alcól nó a leithéid, agus go háirithe a dhéanamh cinnte de go bhfuil an dá chóras ó thaobh drugaí agus alcól ag rith lena chéile.

Chomh maith leis sin, tá sé i gceist go mbeadh córas phionóis na bpointí i gceart. Is áit í a bhfuil fadhbanna bunúsacha ann. Ina theannta sin, ba chóir go mbeimid ag díriú isteach agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil an t-íos-ráta luais i gceart. Ag caint faoi sin, measaim go bhfuil a lán oibre le déanamh againn timpeall na tíre air sin. Caithfimid a bheith cúramach chomh maith nach bhfuilimid ag ísliú an t-íos-luas go staid ina bhfuil sé dainséarach, uaireanta, má tá an trácht ag dul ró-mhall. Tá an dá trá ann.

Bím ag tiomáint timpeall na tíre le blianta anuas agus tá roinnt de na bóithre ann go dona. Níor chóir go mbeadh an teorainn luais atá orthu mar atá siad mar go bhfuil siad mícheart agus dainséarach. Níl an fhadhb ann ó thaobh an luais sin. Is í an fhadhb atá ann ná an drochstaid atá ar roinnt de na bóithre timpeall na tíre. Maidir le roinnt díobh siúd, is bóithre náisiúnta iad agus bheadh sé go dona dá mbeimis ag ísliú an luas sin seachas déileáil leis an bhfadhb bhunúsach atá ann ó thaobh na mbóithre de.

Last week, I received an answer to a question on the Road Traffic and Roads Act 2023 that addressed powered personal transporters such as electric bikes and scooters. My question related to the fact that in the case of accidents, users of those vehicles, whether they are travelling at speed, are not liable, unless they are personally sued, for any damage they might cause. Pedestrians are getting smacked into by scooters around Dublin city. Cars are being hit off and cyclists are being banged into because the users of powered personal transporters are going too fast. I have not heard of anybody having an e-bike or e-scooter taken from them as a consequence of misuse in recent weeks or months. There is misuse of those vehicles. They are brilliant for transporting people from A to B and they work well in the city, if operated properly.

Some of them are souped-up. The people on them are totally in black and are not wearing high-vis jackets, and are no lights on them. There does not seem to be any attempt to make sure that this danger on our roads is addressed. I also want to highlight the need to ensure that all of those who are using our roads are using them safely and that in incidents where they are involved in accidents, those who are affected, whether it is the person on these vehicles or the person they have crashed into such as a cyclist are looked after. There is a lot more that can be said. I will finish by saying that the Minister of State needs to encourage the Minister for Justice to look at bringing in dash cams for Garda cars that do not have them. Every other public vehicle in the city seems to have them.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.