Dáil debates

Tuesday, 13 February 2024

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:50 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle. Bhí agóid taobh amuigh de Theach Laighean inniu le daoine a bhí bailithe ó chuile cheann de na Gaeltachtaí chun aird a tharraingt ar an gá le hathrú suntasach ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú). Tá siad ag éileamh go mbeidh a gcearta teanga san áireamh sa Bhille nua agus go mbeidh an Ghaeltacht lárnach sna comhráite faoin reachtaíocht. Faoi láthair, tá na cosaintí don Ghaeltacht níos laige sa Bhille molta ná sa dlí mar atá sé anois agus cheana féin, níl daoine Gaeltachta in ann teach a thógáil, nó a aimsiú fiú, ina gceantar féin. Mar gheall air sin tá siad ag mothú go bhfuil bánú ag teacht ar an nGaeltacht. An nglacfaidh an Rialtas le leasuithe chun tithíocht agus todhchaí a chinntiú do phobal na Gaeltachta?

This relates to the protest outside the Dáil today in relation to planning, particularly in the Gaeltacht. Many people feel they cannot, build, buy or rent in Gaeltacht areas, specifically with reference to the Bill today.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.